An struchtúr a dhéanann díon chuas an bhéil is urlár chuas na sróine. Is saintréith mamaigh an carball iomlán, mar tá gá leis chun diúil. Dhá roinn atá ann: an carball (crua) chun tosaigh, agus an coguas (bog) inghluaiste chun deiridh, ach leanúnach leis an gcarball. Crochann an coguas síos i dtreo na fairinge, ag scaradh a codanna béil is sróine. Matán atá ann den chuid is mó, agus sin ar bhun snáithíneach. Is féidir é a theannadh is a ardú chun faraing na sróine a dhúnadh, rud is gá a dhéanamh le linn slogtha siar is chun fuaimeanna áirithe a dhéanamh. Téann matáin an choguais go dtí an fharaing is an teanga. Nuair a chliseann ar an dá thaobh den charball teacht le chéile agus cónacsadh ag an meánlíne, tarlaíonn an riocht a dtugtar carball scoilte air.[1]

Carball

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Carball". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 116.