Ábhar nach mbíonn ach rian de i gcóras ceimiceach, go príomha sa cheimic orgánach, a mhéadaíonn ráta imoibrithe cheimicigh agus nach n-athraítear in aon chor sa phróiseas. De réir dealraimh, feidhmíonn na clórafluaracarbóin (CFCanna) mar chatalaígh sna himoibrithe a mhilleann ózón san atmaisféar. De bhrí nach n-athraítear iad sa phróiseas, fanann gach móilín CFC san atmaisféar chun dochar a dhéanamh do na mílte móilín ózóin.

Catalaíoch