Christine Lagarde

Bean ghnó agus dlíodóir Francach is ea Christine Lagarde (a rugadh ar 1 Eanáir 1956) a bhain clú amach dóibh féin sa chomhthéacs idirnáisiúnta.[1] Ceapadh Lagarde mar Uachtarán ar an mBanc Ceannais Eorpach sa bhliain 2019.

Christine Lagarde
Christine Lagarde, 2023.jpg
intern (en) Aistrigh


cathaoirleach

Deireadh Fómhair 1999 -
Minister of Agriculture and Fisheries (en) Aistrigh

Bealtaine 18, 2007 - Meitheamh 18, 2007
Dominique Bussereau - Michel Barnier (en) Aistrigh
Aire Geilleagair, Airgeadais agus Tionscail

Meitheamh 18, 2007 - Samhain 14, 2010
Jean-Louis Borloo (en) Aistrigh - Christine Lagarde
comhalta boird

2010 -
Aire Geilleagair, Airgeadais agus Tionscail

Samhain 14, 2010 - Meitheamh 29, 2011
Christine Lagarde - François Baroin (en) Aistrigh
Managing Director of the International Monetary Fund (en) Aistrigh

Iúil 5, 2011 - Meán Fómhair 12, 2019
Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh

Samhain 1, 2019 -
Mario Draghi
Saol
Ainm iomlánChristine Madeleine Odette Lallouette
Eolas breithe9ú arrondissement Pháras, 1ú Eanáir 1956 (67 bliain d’aois)
NáisiúntachtFrainc
Áit chónaitheLe Havre
Bethesda, Maryland
Muintir
Céile/CéilíQ113585479 Aistrigh
luach ar iarraidh  (1982 -  1990s)
Páirtí/PáirtitheXavier Giocanti (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materUniversité Paris-Nanterre céim máistreachta : an Béarla, dlí
Ollscoil Pháras
Institut d'études politiques de Paris
Sciences Po Aix (en) Aistrigh céim máistreachta
Holton-Arms School (en) Aistrigh
Paul Cézanne University (en) Aistrigh
Teangachaan Fhraincis
Gairm
Gairmeacnamaí, dlíodóir, taidhleoir, polaiteoir, synchronized swimmer (en) Aistrigh, baincéir agus international forum participant (en) Aistrigh
FostóiríBaker McKenzie (en) Aistrigh  (1981 -  2005)
Duaiseanna
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaUnion for a Popular Movement (en) Aistrigh
IMDbnm1756660
Twitterlagarde
Christine Lagarde Signature.svg
2007
comhlacht sainchomhairleoireacht bhainistíochta

SaolCuir in Eagar

 
le Shri Pranab Mukherjee, in Delhi 2011

Bhí Lagarde i mbun Baker & McKenzie, comhlacht sainchomhairleoireacht bhainistíochta sna Stáit Aontaithe, ó 1999 go dtí 2005,

 
le Fabien Baussart, CPFA, 2017
 
Dominique Strauss-Kahn (an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta), Tim Geithner (Treasury Secretary, SAM) agus Christine Lagarde, 23 Aibreán 2010.

D'éirigh Lagarde ina Aire Trádála sa Fhrainc sa bhliain 2005, agus ansin ina Aire Airgeadais in 2007, an chéad bhean riamh ar aire airgeadais í ar thír de chuid an G8 [2] Idirghabhálach ba ea é mar aireː mar shampla, bhí an rialtas le linn na géarchéime airgeadais ag cur go mór in aghaidh aon íocaíocht bhreise le príomhfheidhmeannach a ligeann oibrithe chun siúil i mbliana.[3]

Iarcheannasaí an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadais (2011-2019) is ea Lagarde. Mar Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a bhliain 2015, mhol Christine Lagarde muintir na hÉireann agus dúirt gurb iad agus a n-ionadaithe laochra an scéil.[4]

Ar a triail, 2016Cuir in Eagar

 
2016

Cuireadh Lagarde ar a triail sa bhliain 2016 maidir leis na céadta milliún d'airgead stáit a híocadh le fear graithe as an bhFrainc fhad's a bhí sise ina hAire Airgeadais ar an tír i 2008. Bhí cúiseanna a bhaineann le 'faillí' agus mí-úsáid airgid stáit séanta ag Lagarde faoin mbaint a bhí aici le hos cionn €400m a híocadh in airgead cúitimh leis an bhfear gnó, Bernard Tapie, iar-úinéir de chuid an chomhlachta Adidas a bhí ann agus dlúth chomhpháirtí le Nicolas Sarkozy, Uachtarán na Fraince ag an am.[5] Ach faoi dheireadh thiar thall, ní raibh dada as an mbealach déanta aici.

 
2019ː thug feisirí Eorpacha a gceadú le hiarrthóireacht Christine Lagarde d’uachtaránacht an BhCE.[6]
 
11 Feabhra 2020

Banc Ceannais EorpachCuir in Eagar

Sa bhliain 2019, d'éirigh Lagarde ina ceannasaí ar Bhanc Ceannais na hEorpa,[7] ar an gcéad bhean le dul i bhfeighil air. Tháinig sí i gcomharbacht ar Mario Draghi. Dúirt sí ag an am go mbeadh sé i gceist aici coinneáil a bheag nó mhór leis an obair a bhí ar bun ag Mario Draghi.[8]

Agus í ag fógairt socruithe ollmhóra i mí Aibreán 2020, le tacaíocht a thabhairt don gheilleagar, dúirt sí nach raibh codanna de gheilleagair thíortha an euro ag feidhmiú ar chor ar bith mar gheall ar na srianta a bhaineann le Covid -19.[9]

Conspóid san Iodáil, 2020Cuir in Eagar

I dtús 2020, agus roimh an cúlú eacnamaíochta mar gheall ar Covid, chuir Lagarde go mór le deacrachtaí na hIodáile nuair a d’fhógair sí nach raibh aon dualgas ar an mBanc Ceannais cabhrú leis an Iodáil maidir le hairgeadra nó an tír a choinneáil i limistéar an euro.[10]

Bhí na hIodálaigh ar buile agus rinne siad gearán go poiblí nach raibh aon dlúthsheasamh leis an Iodáil á léiriú ag an Aontas Eorpach ná ag aon bhallstát eile de. Dúirt Matteo Salvini, ceannaire an Liga, go raibh “cabhair ag teastáil ón Iodáil ach nach bhfuair sí ach buille sa bpus”.

PearsantaCuir in Eagar

Tá beirt chlainne ag Lagarde. Is snámhaí den chéad scoth í agus dath breá buí uirthi de ghnáth. Bean ard chaol atá inti; tá sí sé troithe ar airde, idir 180cm[11] agus 183 cm[12] agus sála arda á gcaitheamh aici go minic.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Peter Wilson (2014). "Christine Lagarde: ready to take on Europe" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-09-23.
  2. P.J. Mac Gabhann (2009). "Mná na Fraince" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-05.
  3. P.J. Mac Gabhann (2009). "Deireadh le Ré an ‘Ghlig Ghleag’?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-06.
  4. Nuacht RTÉ (2015-01-19). "Lucht na Triúrachta i mBaile Átha Cliath" (as ga). 
  5. Nuacht RTÉ (2016-12-12). "Christine Lagarde ar a triail" (as ga). 
  6. "Ceadú na bhfeisirí faighte ag Christine Lagarde le bheith mar uachtarán an ECB | Nuacht | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu (2019-02-09). Dáta rochtana: 2021-07-06.
  7. "Christine Lagarde appointed President of the European Central Bank" (en). www.consilium.europa.eu (18 Deireadh Fómhair, 2019). Dáta rochtana: 2021-09-23.
  8. Nuacht RTÉ (2019-09-17). "Parlaimint na hEorpa tar éis vótáil i bhfabhar Lagarde" (as ga). 
  9. Nuacht RTÉ (2020-04-30). ""Cúlú eacnamaíochta i ndán do réigiún an euro" - Lagarde" (as ga). 
  10. Eoin Ó Murchú (Márta 2020). "Tá teacht aniar a dhéanamh ag an náisiúnstát sa troid i gcoinne Covid-19" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-06.
  11. "Christine Lagarde height - How tall is Christine Lagarde?" (en-US). Celebrity Height Wiki. Dáta rochtana: 2021-09-23.
  12. "Celebrities Christine Lagarde, Birthday: 1 January 1956, Paris, France - FMovies" (en-US). ww1.fmovies.cab. Dáta rochtana: 2021-07-06.