Cioglafosfaimíd
Druga tábhachtach i gcóireáil duine le hailse. Baineann sí le clann drugaí a dtugtar mustaird nítrigine orthu, a díorthaíodh ó ghás mustaird a úsáideadh go forleathan mar arm sa chéad chogadh domhanda. Is oibreáin ailcilithe iad na mustaird seo a fheidhmíonn trí nascadh leis an DNA sna cealla chun cosc a chur ar a dheighilt. Is í cioglafosfaimíd an mustard nítrigine is mó a úsáidtear, ach tarlaíonn fo-iarsmaí diana lena húsáid, ina measc masmas, urlacan, cailliúint gruaige, agus is féidir go n-éireoidh an t-othar frithsheasmhach i gcoinne a ghníomhú frithailse. Mar sin, úsáidtear i manglam drugaí í de ghnáth chun na hiarmhairtí teiripeacha a mhéadú is a drochiarmhairtí a laghdú.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cioglafosfaimíd". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 137.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |