Scléaróis iolrach
Galar ina gcailltear an gnáthchumhdach (an mhiailin) a bhíonn ar néaróin san inchinn is corda an dromlaigh. Cuireann sé seo isteach ar tharchur na ríog ar feadh na néaróg, rud a lagaíonn gníomhú na gcóras sa cholainn a bhíonn faoi rialú na néaróg sin. Faigheann duine amháin as gach 2,000 an galar, mná níos minice ná fir. Ní fios cad is cúis leis, ach d'fhéadfadh próiseas uath-imdhíonachta a bheith mar bhun leis. Is ilchineálach na hairíonna cliniciúla, ach cuimsíonn siad laige sna géaga, radharc dúbailte, deacrachtaí urlabhra, veirtige, codladh grifín, éagumas gluaiseachtaí a chomhordú (neamhluail), iad sin uile díomuan ach athfhillteach, ag éirí níos troime de réir a chéile. Níl aon chóireáil ar leith air mar ghalar.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |