Sa bhfisic núicléach, athrú núicléitíde amháin chuig núicléitíd eile, trí mheath nádúrtha radaighníomhach nó imbhualadh le núicléis nó cáithníní eile. Go ginearálta, is féidir dúil amháin a chlaochlú i ndúil eile. Níor éirigh le hailceimicithe é seo a dhéanamh, de bhrí go raibh an ailceimic ag plé le gnéithe ceimiceacha agus ní leis an núicléas, a chinneann saghas is ionannas na dúile. D'éirigh le Ernest Rutherford an chéad chlaochlú saorga a bhaint amach i 1919 nuair a chlaochlaigh sé nítrigin go hocsaigin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Claochlú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 142.