Cogadh Cathartha na Siria

Thosaigh Cogadh Cathartha na Siria (Araibis: الحرب الأهلية السورية‎‎, Al-ḥarb al-ʼahliyyah as-sūriyyah) sa bhliain 2011. Bhris agóidí ar son an daonlathais amach sa tSiria ar an 15 Márta 2011.

4 Eanáir 2019ː ionsaithe aeir dírithe ar Daesh
diúracán cúrsála Kalibr agus Onyx sa bhliain 2016
ionsaithe de chuid Iosael, 2020-11-19

2011 agus Earrach na nArabachCuir in Eagar

Arbin, Syria - 1 Feabhra 2018

Tar éis d'fhórsaí slándála urchair a scaoileadh leis an lucht agóide, tháinig méadú as cuimse ar an bhforéigean agus cuireadh briogáidí reibiliúnacha le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhórsaí an stáit.[1] D'éirigh ‘Earrach na nArabach’ ina gheimhreadh dorcha sa tSiria

Ba rí-ghairid go raibh sé ina chogadh cathartha le grúpaí éagsúla ag tnúth le titim an réimis.

Obama ag labhairt, 2013

Seach-chogaíCuir in Eagar

Rex Tillerson agus an Rúis, 2017

Bhí seach-chogaí (‘proxy’) ​ann ar feadh na blianta. I measc na ngrúpaí agus na dtíortha a bhí páirteach sna ‘cogaí sin’, bhí an Rúis, an Iaráin, an Tuirc, Iosrael, Meiriceá, an Fhrainc, an Bhreatain, An Araib Shádach, Catar agus an Liobáin, agus airm eile, go mór mór Hezbollah, ISIS agus al-Nusra.

Bhí stát de facto bainte amach ag an grúpa ainrialach, Coirdíneach an YPG/J i dtuaisceart na tíre. Agus bhí stát uathlathach, ‘Ioslamach’ bunaithe in oirthear na tíre ag lucht ISIS ag pointe amháin.

dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn sa bhliain 2015

Sheas an t-Uachtarán Bashar al-Assad an fód. Bhí arm láidir aige agus cabhair aige ó throdairí Hezbollah ón Liobáin, ón Rúis agus ón Iaráin.[2]

LéirscriosCuir in Eagar

Idir 2011-2021, maraíodh 600,000, theith os cionn 6 milliún thar lear agus bhí níos mó ná 6 milliún eile fágtha gan dídean sa tSiria.[3]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. An tAontas Eorpach (2016-06-16). "A decade of opportunities and challenges" (en). European Union. Dáta rochtana: 2020-12-18.
  2. Ruairí Henchy (2016). "Cúig bliana i ndiaidh ‘Earrach na nArabach’ an bhfuil deireadh ag teacht le geimhreadh an uafáis sa tSiria?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  3. UNHCR. "Syria Refugee Crisis Explained". www.unrefugees.org. Dáta rochtana: 2021-03-16.