Is cuid de seanscéalta na Rúraíochta é Coimpeart (nó Giniúint) Chú Chulainn (Sean-Ghaeilge Compert Con Culainn), faoin nginiúint agus breith an laoich Chú Chulainn.

Lámhscríbhinní cuir in eagar

Tá dhá mórleagan ann a tháinig slán.

Athleagan I: Faightear an foinse is luaite den leagan seo i Lebor na hUidre (LU) na 12ú haoise. Bhí beirt phriomhscríbhneoirí ann ar dtús (A agus M), ach scrios scríbhneoir ina dhiaidh sin (H) an deireadh chun a mhachnaimh féin faoi ré Chú Chulainn a thabhairt. De réir H, bhí an téacs mar chuid den leabhar Cín Dromma Snechtai na 8ú haoise, atá caillte. Faightear cóipeanna eile den leagan i sé lámhscríbhinn na 15ú agus 16ú aoiseanna, iad go léir bainte le Connacht.[1]

Athleagan II: Caomhnaítear an leagan seo, in éineacht leis an gcéad cheann, in Egerton 1782 agus D IV 2.[2] Tá aithne air sa dara cheann dar teideal Feis Tige Becfholtaig (Feis Theach Bheagfholtaigh).

  1. Cín Dromma Snechtai (caillte)
  2. Baile Átha Cliath, Acadamh Ríoga na hÉireann, Lebor na hUidre (23 E 25): lch. 128a-b (+H). Deireadh an scéil ar iarraidh.
  3. Baile Átha Cliath, Acadamh Ríoga na hÉireann, ARÉ 23 N 10: ll. 62–63.
  4. Baile Átha Cliath, Acadamh Ríoga na hÉireann, D IV 2 (Stowe 992): f 46rb-47vb. An dá leagan.
  5. Londain, British Library, Egerton 1782: f 78v-80r. An dá leagan.
  6. Londain, British Library, Egerton 88: f 12vb-13rb. Darb ainm Gineamain Chonculainn.
  7. Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, MS 1363 (olim H 4.22): IV, ll. 46–47.
  8. Baile Átha Cliath, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, (Phillipps) G 7: col. 7-9.
  9. Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, MS 1287 (olim H 1.13), lch. 342 ff.

Achoimrí cuir in eagar

Sa leagan is luaite, is í Deichtine, máthair Chú Chulainn, í iníon agus carbadóir Conchúir mhic Neasa, rí Uladh. Téann sí in éineacht leisean agus fir uaisle na nUladh ag seilg éan draíochta. Le titim na hoíche agus é ag cur sneachta, tagann na hUlaidh ar thigh agus cuirtear fáilte romhaibh. Tagann tinneas linbh ar bhean chéile a n-óstaigh, agus cuidíonn Deichtine léi ag breith a mhic. Ag an am gcéanna, tugann láir lasmuigh dhá bhromach ar an saol.

Ar an maidin dár gcionn, is léir do na hUlaidh go bhfuil siad ag Brú na Bóinne. Tá an teach agus na tuistí imithe, and tá siad an fós an leanbh agus na bromaigh. Tógann Deichtine an buachaill mar mhac altrama, ach buaileann tinn é agus éagann sé.

Níos faide anonn, nochtann an dia Lugh dí, agus deir sé léi gurbh é a bhí a n-óstach an oíche úd, agus go bhfuil sí anois ah iompair a pháiste, darb ainm Séadanda. Is cúis náire é an toircheas; tá fir na hUladh san amhras gurb é Conchúr féin an t-athair. In ainneoin sin, geallann Conchúr le Sualdamh mac Róigh í. Cuireann sí deireadh leis an toircheas, agus téann sí a chodladh lena fear céile agus í arís ina maighdean. Gineann sí mac, agus Séadanda an t-ainm a thugann sí dó.[3] Deirtear gur giniúint faoi thrí é seo, agus an leanbh tofa mar dhuine thar cách.[4]


Sa leagan níos deireanaí agus níos cáiliúla, is deirfiúr Chonchúir í Deichtine, agus imíonn sí d'Eamhain Mhacha, príomhchathair na nUladh. Cosúil leis an gcéad leagan, téann fir na nUladh ag seilg, agus ag lorg fosctha i dtigh éigin le titim na hoíche. Is é Lugh an t-óstach, ach sa scéal seo, is í Deichtine féin a bhean chéile, agus tugann sise mac ar an saol, darb ainm Séadanda.[5]

Tá achrainn idir fir na nUladh cé acu a mbeadh ina athair altrama air, go dtí go socraíonn Morann, saoi, go mbeadh a sheal ag cách: Conchúr féin; Sencha mac Ailella, a mhúinfidh gaois agus deis a labhartha dó; Blaí Briugu, saibhir, a chosnóidh agus a sholáthróidh é; Fergus mac Róich, laoch, a múinfidh dó na daoine laga a chosaint; Amergin, file, a thabharfaidh oideachas dó; agus a bhean chéile Fionnchaomh, a oidfidh é. Tógtar é i dtigh Amergine agus Fionnchaoimhe ar Magh Muirthemne i gContae Lú an lae inniu, i dteannta lena mac, Conall Cernach.[6]

Foinsí cuir in eagar

Eagráin agus aistriúcháin cuir in eagar

  • Hamel, A.G. van (eag.). Compert Con Culainn and other stories. MMIS 3. Baile Átha Cliath, 1933 (athchló. 1978). Ll. 1–8. Bunaithe ar Lebor na hUidre. Eagrán G301013 le fáil ar CELT.
  • Windisch, Ernst (eag. agus aistr.). “Die Geburt Cuchulainn's.” Irische Texte mit Wörterbuch I. Leipzig 1880. pp. 134–45. LU agus Egerton 1782. Errata foilsithe in Revue Celtique 5: lch. 237.
  • Thurneysen, Rudolf (eag. agus aistr.). “[VII] Compert ConCulainn nach der Handschrift von Druim Snechta.” agus “[VIII] Compert ConCulaind nach D. 4. 2.” In Zu irischen Handschriften und Literaturdenkmälern. Berlin, 1912, ll. 31–41 (LU, Egerton 88, 23 N 10 agus H 4.22) agus 41-8. Céad leagan de D IV 2.
  • Meyer, Kuno (eag. agus aistr.). “Feis Tige Becfoltaig.” Zeitschrift für celtische Philologie 5 (1905): 500-4. Dara leagan de D IV 2.
  • Hull, Vernam. “The Version of Compert Con Culainn in MS. Phillipps G 7.” Zeitschrift für celtische Philologie 24 (1954): ll. 128–31. Phillipps G 7.
  • Nettlau, Max (eag.). Revue Celtique 10: 457. H 4.22.
  • Hull, Eleanor (aistr.). "The Birth of Cuchulainn." The Cuchullin Saga. 15-20. Cóirithe ó aistriúchán Fraincise Duvau. PDF le fáil ó PDF Google Books, SAM amháin.
  • Gantz, Jeffrey (aistr.). "The Birth of Cú Chulaind." Early Irish Myths and Sagas. 1981 (athchló. 1983), ll. 130–2.
  • Kinsella, Thomas (aistr.). The Táin. Baile Átha Cliath: Dolmen, 1969.
  • Cross, T.P. agus C.H. Slover (eag.). Ancient Irish Tales. New York, 1936, ll 134-6.
  • Thurneysen, Rudolf (aistr.). “Setantas Geburt." Sagen aus dem alten Irland. Berlin, 1901. 6.-6.
  • Duvau, Louis (aistr.). "La légende de la conception de Cûchulainn." Revue Celtique 9 (1888): 1-13.
  • Duvau, Louis (aistr.). L'Épopée celtique en Irlande, ll. 22–33 [A].
  • Duvau, Louis (aistr.). L'Épopée celtique en Irlande, ll. 33–38 [B].
  • Guyonvarc'h, Christian-J. (aistr.). "La conception de Cuchulainn." Ogam 17 (1965): ll. 363–91. Leagan 1 (LU, Egerton 1782) agus Leagan 2 (Egerton 1782, D IV 2). In éineacht le tráchtaireacht le F. Le Roux, ll. 393–410.
  • Even, Arzel (aistr.). “La conception de Cuchulainn.” Ogam 4 (1952): ll. 273–6. Egerton 1782, Leagan 2.
  • Even, Arzel (aistr.). “La conception de Cuchulainn, selon le Libur Dromma Snechta.” Ogam 5 (1953): ll. 313–4.
  • Ó Concheanainn, Tomás. "The textual tradition of Compert Con Culainn." Celtica 21 (1990): 441-55.
  • MS Omit

Tuilleadh le léamh cuir in eagar

  • Hollo, Kaarina. “Cú Chulainn and Síd Truim.” Ériu 49 (1998): ll. 13–22.
  • Zimmer, Heinrich. “Keltische Studien V. Über den compilatorischen charakter der irischen sagentexte im sogenannten Lebor na hUidre .i. Compert Conculaind.” Zeitschrift für vergleichende Sprachforschung 28 (1887): ll. 419–26.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ó Concheanainn, "The textual tradition," lch. 441.
  2. Ó Concheanainn, "The textual tradition," lch. 442.
  3. A. G. van Hamel (eag.), Compert Con Culainn and Other Stories, ll. 3-8.
  4. Jean Markale. The Epics of Celtic Ireland: Ancient Tales of Mystery and Magic, 2000, lch. 76.
  5. Cross and Slover, Ancient Irish
  6. Kinsella, The Táin, ll. 23-5.