Collaíocht sa tSean-Róimh
Léirítear dearcaí agus iompraíochtaí collaíochtá san ealaín, sa litríocht agus sna hinscríbhinní, agus a oiread níos lú ag iarsmaí seandálaíochta mar dhéantáin earótach agus ailtireacht. Glactar go raibh “ceadúnas gnéasach neamhtheoranta” ina saintréith den tSean-Róimh.[2] Tuairimíonn Verstraete agus Provençal nach raibh seo ach léiriú Críostaí: "Ní raibh clúdach maith riamh ar ghnéasacht na Rómhánach san Iarthar ó borradh na Críostaíochta. Sna shamhlaíocht agus i gcultúr an phobail, tá sé comhchiallach le ceadúnas agus mí-úsáid ghnéasach."
Bhí gnéasacht ina rud amháin a bhfuil an mos maiorum – na noirm shóisialta thraidisiúnta a chuaigh i bhfeidhm ar an saol poiblí, príobháideach agus míleata – ag plé leis.[3] Bhí tionchar áirithe ag pudor, (náire nó measarthacht) ar iompar, mar a bhí iallach dleathach in aghaidh na cionta ar sháruithe gnéis áirithe sna tréimhsí Poblachtacha agus Impiriúla. Bhí sé de chumhacht ag na cinsirí – oifigigh phoiblí a shocraigh céim shóisialta daoine – saoránaigh a chuir amach as na aicmí seanadóir nó eachaíochta as mí-iompar gnéasach, agus uaireanta rinne siad amhlaidh.[4][5] Mheas an teoiriceoir gnéasachta ó lár an 20ú haois Michel Foucault, bhí gnéasacht ar fud an domhain Greco-Rómhánach ina ceist pléisiúr gnéis a shrianadh agus a bhainistiú.[6]
Bhí ceannas ag fir sa tsochaí Rómhánach, agus taispeáineadh fearúlacht trí féinsmacht agus smacht ar dhaoine de stádas níos ísle, ní hamháin i gcúrsaí cogaí agus polaitíochta, ach freisin i caidreamh collaíocht.[7] Bhí virtus é an idéal fearúil a fhéinsmachta, ón bhfocal Laidineach ar "fear", vir. An t-idéal banúil ba é an pudicitia, geanmnaíocht ó modhúlacht, ach tréith dearfach agus iomaíoch a léirigh a tarraingteacht agus a féin-rialú.[8] Bhíothas ag súil go mbeadh oideachas maith ag mná Rómhánacha na n-ardranganna, go raibh siad láidir ó thaobh carachtar, agus go mbeadh siad gníomhach i stádas a chlanna sa tsochaí a choinneáil.[9] Ach an litríocht Laidineach ar ábhar na gcollaíochta a mhaireann, is ón guthanna Rómhánaigh fireanna oilte é, le fíorbheagán eisceachtaí. Chruthaigh daoine le stádas sóisialta níos ísle amharc-ealaín acu agus a bhfuil raon eitneachais níos mó acu, ach cuireadh in oiriúint í do bhlas na ndaoine chomh saibhre chun í a cheannaigh (sa ré Impiriúil, san áireamh roinnt iar-sclábhaithe).[10]
Bhí roinnt dearcaí agus iompraíochtaí gnéis i gcultúr ársa na Róimhe an-difriúil le iad siúd i sochaithe níos déanaí an Iarthair.[11][12] Chuir reiligiún na Róimhe gnéasacht chun cinn mar ghné den rathúnas don tír, agus uaireanta chuigh daoine i muinín draíocht chun a saol earótach nó a torthúlacht a méadaigh. Bhí an striapachas dlíthiúil, poiblí agus forleathan. Bhí pictiúir 'pornagrafacha' le feiceáil i measc na mbailiúchán ealaíne i dteaghlaigh uachtaracha measúla.[13] Measadh go raibh sé nádúrtha agus normálta go dtarraingeofaí fir go gnéasach ar dhaoine óga den dá inscní, agus ghlacfaí péidearastacht – ar an gcoinníoll gur nach Rómhánach saorbheirthe é an páirtí fireann níos óige. Ní raibh "homaighnéasach" agus "heitrighnéasach" mar phríomh-dhichotamaíocht faoi ghnéaschlaonadh, agus níl aon fhocail Laidine ann ar na coincheapa seo.[14] Níor díríodh aon cháineadh morálta ar an bhfear a bhain taitneamh as gníomhartha gnéis le mná nó fir de stádas níos lú, fad is nár sceith a iompar aon laigí ná ainriantacht, ná nár sháraigh sé cearta a bpiaraí. Cé go raibh cáineadh ar baineandacht, go háirithe i reitric pholaitiúil, níor measadh beagán gnéas le striapacha fireann nó sclábhaithe mar míchuí, nó mar rud a chuir isteach ar fearúlacht, ar chuntar go raibh an saoránach fireann sa ról ar bharr. Áfach, cáineadh hipiríogaireacht i measc fir agus mná ar bhoinn morálta agus míochaine. Coinníodh cód morálta níos déine a mhná,[15] agus níl dhoiciméadú maith déanta ar chaidrimh chomhghnéis idir mná, cé go ceiliúrtar agus díblítear gnéasacht na mná trasna an taisce litríocht Laidine. Bhí catagóirí inscne níos solúbtha ag na Rómhánaigh ná na Gréagaigh ársa.[16]
Sa dheireadh an 20ú haois, rinneadh anailís ar ghnéasacht na Róimhe mar dhichotamaíocht “treáideóir-treáite”, ach tá sé seo ró-simplí chun na léiriú gnéasachta i measc na Rómhánach a thuigeann.[17]
Litríocht agus ealaín earótach
cuir in eagarTá litríocht ársa a bhaineann le gnéasacht Rómhánach faoi cheithre chatagóir den chuid is mó: téacsanna dlí, téacsanna leighis, filíocht, agus dioscúrsa polaitiúil.[18] Tá níos mó le rá faoi chúrsaí gnéis ag seánraí le stádas níos ísle sna cianaoiseanna – mar coiméide, aoir, filíocht grá, graifítí, geasa draíochta, agus inscríbhinní – ná seánraí níos uaisle, mar eipic agus tragóid. Tá eolas faoin saol gnéis na Rómhánach scaipthe i stair, óráidíocht, fealsúnacht, agus scríbhinní ar leigheas, talmhaíocht, agus ábhair theicniúla eile.[19] Luaigh téacsanna dlí iompraíochtaí a bhí na Rómhánaigh ag iarraidh a rialáil nó a thoirmeasc, gan gá go léireodh siad na rudaí a rinne daoine le fírinne.[20]
I measc na n-údar mór Laidine faoi ghnéasacht Rómhánach tá:
- an drámadóir grinn Plautus (d. 184 BC), a scríobh coiméidí gnéis agus drámaí faoi leannáin óga agus na cúinsí a coinníonn siad óna chéile;
- an státaire agus morálta Cato Mór (d. 149 BC), a thugann léargas ar ghnéasacht sa ré le caighdeáin mhorálta ard, meas Rómhánaigh de na haoiseanna níos déanaí;
- an file Lucretius (d. c. 55 BC), a chuireann láimhseáiI bhreisithe ar ghnéasacht Epicurean ina saothar fealsúnachta De rerum natura;
- Catullus (fl. 50s BC), a ndéanann a chuid dánta iniúchadh ar eispéireas earótach gar do dheireadh na Poblachta, ó rómánsachas bog go salachar gáirsiúil;
- Cicero (d. 43 BC), le hóráidí seomra cúirte a ionsaíonn iompar gnéasach an fhreasúra go minic agus litreacha a bhaineann le ráflaí faoi uasaicme na Róimhe;
- Propertius agus Tibullus, scríobhneóirí caointe i réimeas Augustus Caesar, a nochtann dearcaí sóisialta agus iad ag cur síos ar coinní grá;
- Ovid (d. 17 AD), go háirithe a Amores agus Ars Amatoria, a chuir, de réir traidisiúin, le cinneadh Augustus é a dhíbirt, agus a eipic, na Metamorphoses, a thugann léargas ar gnéasacht, le béim ar éigniú, trí lionsa na miotaseolaíochta;
- an nathaíochtóir Martial (d. c. 102/4 AD), a d'ardaigh a chuid tuairimí ar an tsochaí le caint gháirsiúil;
- an aorthóir Juvenal (d. luath sa 2ú haois AD), a théann i gcoinne na gnáthaimh a bhaineann le cúrsaí gnéis sna chuid ama.
Liostaíonn Ovid roinnt scríbhneoirí a bhfuil cháil orthu as scríbhinní gáirsiúil a bhfuil a gcuid saothar caillte anois.[21] Foilsíodh agus scaipeadh gnáthpornagrafaíocht agus lámhleabhair ghnéis Ghréagacha[22] faoin ainm heterai (cúirtéiseánigh) cáiliúil. D'aistrigh Sisenna (ceann de na praetors de 78 RC) an Milesiaca (Scéal Mhíle) gnéasach Gréigis Aristides. Glaonn Ovid ar an leabhar bailiúchán de peacaí (crimina), agus deir sé go raibh scéalta grinn salach ar fud na scéal.[23] Tar éis Cath na Carrhae, ba chúis iontais do na Pairtiach an Milesiaca a fháil i mbagáiste oifigigh Marcus Crassus.[24]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Paul G.P. Meyboom and Miguel John Versluys, "The Meaning of Dwarfs in Nilotic Scenes," in Nile into Tiber: Egypt in the Roman World. Proceedings of the IIIrd International Conference of Isis Studies, Leiden, May 11–14, 2005 (Brill, 2007), p. 184.
- ↑ Edwards, p. 65.
- ↑ Karl-J. Hölkeskamp, Reconstructing the Roman Republic: An Ancient Political Culture and Modern Research (Princeton University Press, 2010), pp. 17–18.
- ↑ Fantham, p. 121
- ↑ Richlin (1993), p. 556. Under the Empire, the emperor assumed the powers of the censors (p. 560).
- ↑ Michel Foucault, The History of Sexuality: The Care of the Self (New York: Vintage Books, 1988), vol. 3, p. 239 (on the contrast with the Christian view of sex as "linked to evil") et passim, as summarized by Inger Furseth and Pål Repstad, An Introduction to the Sociology of Religion: Classical and Contemporary Perspectives (Ashgate, 2006), p. 64.
- ↑ Cantarella, p. xii.
- ↑ Langlands, pp. 37–38.
- ↑ Cantarella, pp. xii–xiii.
- ↑ Clarke, pp. 9, 153ff.
- ↑ Langlands, p. 31, especially note 55
- ↑ Clarke, p. 11.
- ↑ McGinn (2004), p. 164.
- ↑ Williams, p. 304, citing Saara Lilja, Homosexuality in Republican and Augustan Rome (Societas Scientiarum Fennica, 1983), p. 122.
- ↑ Nussbaum, pp. 299–300
- ↑ Hallett, p. 11.
- ↑ Langlands, p. 13.
- ↑ Clarke, p. 9.
- ↑ Potter (2009), p. 330.
- ↑ Potter (2009), p. 331.
- ↑ Ovid, Tristia 2.431ff.
- ↑ "Propertius and Antony" (2012). Journal of Roman Studies 67: 17–26 (20). doi:JSTOR 299915. .
- ↑ Ovid, Tristia 2.413 and 443–444; Heinz Hofmann, Latin Fiction: The Latin Novel in Context (Routledge, 1999), p. 85.
- ↑ Plutarch, Life of Crassus 32.