Contae Luimnigh (Dáilcheantar)

toghcheantar Dháil Éireann (2016–)

Is Dáilcheantar 3 suíochán é Contae Luimnigh. Is Dáilcheantar 3 suíochán é seo.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilContae Luimnigh

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síLuimneach Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú2016
Aitheantóir tuairisciúil
Patrick O’Donovan, 2020
Niall Collins (FF), 2016

Toghcháin

cuir in eagar

Olltoghchán 2016

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Niall Collins (Fianna Fáil), Patrick O'Donovan (Fine Gael), agus Tom Neville (Fine Gael)

Olltoghchán 2020

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Patrick O’Donovan (FG), Niall Collins (FF) agus Richard O'Donoghue (d’fhág sé Fianna Fáil i 2015, neamhspleách in 2020, Independent Ireland ó 2023 ar leith). Is beag nár thóg Séighin Ó Ceallaigh (SF) suíochán in 2020; bhí 6,916 vóta aige, tráth a raibh an ghaoth i seolta Shinn Féin.

Ní raibh mórán de dhifríocht idir an tacaíocht atá ag Fianna Fáil agus Fine Gael sa Dáilcheantar: fuair Fine Gael 33% den vóta in 2020 i gcomparáid le 30% d’Fhianna Fáil, agus Sinn Féin ar 15%.

Olltoghchán 2024

San Olltoghchán 2024, ní raibh aon athrú déanta ar an Dáilcheantar. Cé nach raibh ach trí shuíochán le líonadh, bhí cúigear déag iarrthóirí ar fad ar an bpáipéar ballóide. San iomaíocht arís bhí an triúr Teachtaí Dála a toghadh in 2020: an tAire Stáit Patrick O’Donovan (FG), Niall Collins (FF) agus Richard O'Donoghue (Ind Ire).[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 atoghadh Patrick O’Donovan (FG), Niall Collins (FF) agus Richard O'Donoghue (Independent Ireland).

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Donncha Ó hÉallaithe (22 Samhain 2024). "Fianna Fáil sa tóir ar an dara suíochán i gcontae an Chláir, na Glasaigh faoi bhrú i gcathair Luimnigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-24.