An t-aigéan oscailte taobh thíos den chrios méisipeiligeach (ón mbarr síos go dtí doimhneacht 1,000 m) 1,000-4,000 m síos. Níos doimhne fós tá an crios duibheagánach mórmhara (4,000-6,000 m), agus ansin an crios háidéach mórmhara (6,000-11,000 m). Tá an 3 chrios dheireanacha seo neamhfhótach (gan solas na Gréine) agus braitheann mar a bheadh ar bháisteach ag titim anuas chun beatha a chothú iontu. I ngach crios díobh tá an tsalandacht ionann is tairiseach, an teocht íseal, agus tiúchan ard cothaithe tuaslagtha. Clúdaíonn an crios bataipeiligeach an claonán is an t-ardán ilchriochach, clúdaíonn an crios duibheagán mórmhara na cnoic agus na plánaí duibheagánacha, agus tá an chrios háidéach mórmhara scoite sna claiseanna doimhne aigéanacha.[1]

Crios bataipeiligeach
  1. Hussey, Matt (2011). "Crios bataipeiligeach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 181.