Croíphéist

speiceas péisteanna

Seadán a áitríonn seomraí an chroí is na príomhfhuileadáin. Cuireann sí isteach ar mhadraí, agus uaireanta cait. Ainmhí a bhíonn ciaptha aici, faigheann sé broincíteas ainsealach géar, niúmóine, agus athruithe sa chroí. Más trom an t-inmhíolú, faigheann sé bás go luath. Braitheann timthriall beatha an tseadáin ar mhuiscít. Tarlaíonn sí i réigiúin theo thaise dheisceart na Stát Aontaithe agus aeráidí comhchosúla, den chuid is mó. Tá tástálacha fola ar fáil chun an seadán a aithint go luath ina fhorbairt, agus is féidir é a sheachaint le cóireáil ag an staid sin. Cóireáil máinliachta is fearr má bhíonn na seadáin aibí.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCroíphéist
Dirofilaria immitis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamNematoda
AicmeSecernentea
OrdSpirurida
FineOnchocercidae
GéineasDirofilaria
SpeiceasDirofilaria immitis Cuir in eagar ar Wikidata
Leidy, 1856
Léarscáil de raon an tacsóin
Ceantair eindéimeacha


Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Croíphéist". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 184.