Cruinniú Mullaigh na Cruinne 1992 i Rio de Janeiro

Tionóladh Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar an gComhshaol agus an Fhorbairt, nó Cruinniú Mullaigh na Cruinne (Earth SummitECO-92), i Rio de Janeiro na Brasaíle ar 3-14 Meitheamh 1992, an chéad Cruinniú fMullaigh na Cruinne riamh.[1] Bhí beagnach gach ceann rialtais ar Domhan i láthair, ina measc Taoiseach na hÉireann, John Bruton.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCruinniú Mullaigh na Cruinne 1992 i Rio de Janeiro
Íomhá
Map
 22°55′S 43°11′W / 22.91°S 43.18°W / -22.91; -43.18
Cineálcomhdháil Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse13 - 14 Meitheamh 1992
SuíomhRio de Janeiro, An Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata


Centro de convenções Riocentro, Rio de Janeiro
Centro de convenções Riocentro
George H. W. Bush agus T-Léine "Lá an Domhain"

Pléadh gnéithe éagsúla de na fadhbanna bagracha comhshaoil. I measc na n-ábhar a pléadh bhí an iarmhairt cheaptha teasa san atmaisféar is an forthéamh domhanda, an poll sa chiseal ózóin san atmaisféar, astitim radaighníomhach, truailliú aeir is uisce le ceimiceáin thocsaineacha, leathadh na bhfásach de bharr an iomarca feirmeoireachta, dífhoraoisiú, díothú gnéithe plandaí is ainmhithe, an fás géaraithe i ndaonra an Domhain, agus a lán eile.

Rinneadh comhaontuithe is fógraí go ndéanfaí bearta chun deireadh a chur le han-chuid de na míchleachtaí tionsclaíochta is iompair is bun leis na saghsanna truaillithe uile. Chomh maith leis na cruinnithe oifigiúla, tharla i bhfad níos mó taobhchruinnithe neamhoifigiúla ag eagrais dheonacha as tíortha ar fud an Domhain.

Imeacht ollmhór ab ea é, aitheantas gur ceisteanna polaitiúla, eacnamaíochta, teicniúla iad na fadhbanna comhshaoil, ceisteanna uiledhomhanda, go deimhin, nach féidir tabhairt fúthu i gceart ach ar bhonn uiledhomhanda.

Cinneadh go laghdófaí tiúchan na ngás san atmaisféar a chuireann leis an iarmhairt cheaptha teasa go dtí leibhéal na bliana 1990 faoin mbliain 2000.

Rinneadh an t-uafás poiblíochta nuair a seoladh an Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (an CCNAAA nó United Nations Framework Convention on Climate Change nó UNFCCC).

Maidir leis an smaoineamh ar "Lá Uisce" a cheiliúradh ar fud an domhain, pléadh é den chéad uair le linn Chomhdháil Rio sa bhliain 1992. Ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rún ansin lenar dearbhaíodh gurbh é an 22 Márta Lá Domhanda an Uisce.[3][4]

Agóid cuir in eagar

Tháinig Severn Cullis-Suzuki, an "Greta Thunberg roimh am", ar an bhfód mar ghníomhaí timpeallachta in 1992 agus í 12 bliain d'aois.[5][6][7]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Prabhash K. Dutta New DelhiNovember 1, 2021UPDATED: November 1, 2021 16:02 Ist. "COP26 and climate change: A journey that began in 1992 with Rio Earth Summit" (en). India Today. Dáta rochtana: 2022-08-26.
  2. Houses of the Oireachtas (1992-06-23). "Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Earth Summit. – Dáil Éireann (26th Dáil) – Tuesday, 23 Jun 1992 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-08-26.
  3. Hussey, Matt (2011). "Cruinnithe Mullaigh an Domhain". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 188.
  4. ucc.ie (2022). "Lá Domhanda an Uisce 2022, á Cheiliúradhː Físeáin" (ga-IE). University College Cork. Dáta rochtana: 2022-08-26.
  5. Severn Cullis-Suzuki (12 ag an am) (1992). "The Girl Who Silenced the World for 5 Minutes! English Subs" (as en). 
  6. BBC (2019). "Severn Cullis-Suzuki: The 12-year-old who tried to save the world | BBC Ideas" (as en). 
  7. /developmenteducation.ie. "SRAITH STRAITÉISÍ DO MHÚINTEOIRÍ - GNÍOMHAÍOCHT AR MHAITHE LEIS AN tSAORÁNACHT DHOMHANDA". Dáta rochtana: 2023.