Is féidir cumhacht na taoide, nó ardú is titim thréimhsiúil na n-uiscí sa bhfarraige, a úsáid ar bhonn in-athnuaite chun fuinneamh a sholáthar. Is tuirbíní iad seo a fheidhmíonn pé treo a ritheann an t-uisce tríothu.

Gléasra chumhacht na taoide i Rance, sa Fhrainc

Meastar nach bhfuil cumhacht na taoide éifeachtúil ó thaobh costas de i láthair na huaire. Agus b'fhéidir go bhfuil drochthionchar ag na gineadóirí srutha taoide ar an gcomhshaol.[1]

Giniúint leictreachais, an gléasra chumhacht na taoide is mó san Ísiltír, Scheldt
tairiseach taoide M2

Teicneolaíocht

cuir in eagar

Tarraingíonn gineadóirí srutha taoide fuinneamh ó shruthanna uisce sa chaoi chéanna is a tharraingíonn tuirbíní gaoithe fuinneamh ó shruthanna aeir. Mar sin féin, is féidir leis an acmhainneacht a bhaineann le tuirbín taoide aonair chun cumhacht a ghiniúint a bheith níos mó ná an acmhainneacht a bhaineann le tuirbín fuinnimh gaoithe atá rátáilte ar an mbealach céanna. Ciallaíonn dlús níos airde an uisce i gcoibhneas leis an aer (tá dlús uisce thart ar 800 uair níos mó ná dlús an aeir) gur féidir le gineadóir amháin cumhacht shuntasach a sholáthar ar threoluas sreafa íseal taoide i gcomparáid le luas gaoithe comhchosúil.[2]

Ar 26 Samhain 1966, osclaíodh gléasra chumhacht na taoide,[3] i Rance, sa Bhriotáin, an chéad gléasra riamh.[4][5] Inniu fós tá cumas ar lánacmhainn táirgthe aige timpeall 240 MW. Ba é an ceann is mó ar domhan, go dtí 2011, nuair a osclaíodh gléasra chumhacht i Loch Sihwa sa Chóiré.

In áiteanna eile, i mBá Fundy in Albain Nua, agus inbhear an Loire sa Fhrainc, ardaíonn an taoide níos mó ná 20 m dhá uair sa . Tógadh damba nó baráiste trasna an inbhir. Insealbhaíodh tuirbíní i gcainéil sna baráistí chun leictreachas a ghiniúint ó shíor-rith na farraige isteach is amach trí na cainéil.

Straitéis in Éirinn ?

cuir in eagar

De réir dealraimh, bhí pleananna ag rialtas na Breataine gléasra chumhacht na taoide a insealbhú i gCuan na Gaillimhe roimh Chogadh na Saoirse.[6]

Tá cumas suntasach d’acmhainní fuinnimh in-athnuaite in Éirinn maidir le taoidí, muir agus bithfhuinneamh.[7] Sonraítear na bearta lena gcomhlíonfaidh Éire a gealltanas Kyoto 2008-2012 sa Straitéis Náisiúnta um Athrú Aeráide 2007-2012. Luaitear ansin ‘gurb í "an tslí is éifeachtúla chun laghdú ar an méid a chuireann Éire le hastuithe gáis cheaptha teasa as los cumhacht a ghiniúint ná leictreachas a ghiniúint as foinsí in-athnuaite."

Níl an teicneolaíocht ach á triail go fóill in Éirinn. Agus sa bhliain 2017, bhí an díchoimisiúnú curtha i gcrích ag na húdaráis i Loch Cuan[8] agus An Spidéal.[9]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Why don’t we use tidal power more? | MIT Climate Portal" (en). climate.mit.edu. Dáta rochtana: 2023-11-26.
  2. "Tidal stream generator" (as en) (2023-10-28). Wikipedia. 
  3. ""gléasra chumhacht na taoide"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-11-26.
  4. "Rance Tidal Power Station" (as en) (2023-11-26). Wikipedia. 
  5. "La Rance Tidal Barrage | Tethys". tethys.pnnl.gov. Dáta rochtana: 2023-11-26.
  6. Hussey, Matt (2011). "Taoidí mar fhoinse fuinnimh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 643.
  7. louthcoco.ie/. "Fuinneamh".
  8. "Strangford tidal energy turbine to be removed" (en-GB). BBC News (2016-01-27). Dáta rochtana: 2020-11-26.
  9. MacDara Conroy. "Marine Notice: Spiddal Wave Energy Test Site Decommissioning Works" (en-gb). afloat.ie. Dáta rochtana: 2020-11-26.