Is carbaihiodráit í an déshiúicríd[1] ina bhfuil dhá mhóilín chosúla siúcra nasctha le chéile, comhdhlúthaithe le díbirt uisce. Is iad na cinn is flúirsí sa nádúr ná siúcrós (siúcra boird) a chuigríonn móilín glúcóis le móilín fruchtóis, agus lachtós (siúcra bainne) a chuingríonn móilín glúcóis le móilín galachtóis. Is siúcraí aonaonaid iad glúcós, fruchtós is galachtós, agus tugtar monaishiúicrídí orthu.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): déshiúicríd” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-12.
  2. Hussey, Matt (2011). "Déshiúicríd". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 208.