Siúcrós
C12H22O11, an siúcra is iomráití dá bhfuil ann, déshiúicríd ina bhfuil móilín glúcóis nasctha le móilín fruchtóis. Díleáitear sa stéig bheag é chun an méid céanna den dá mhonaishiúicríd, glúcós is fruchtós, a ionsú. Is é siúcrós an siúcra i siúcra boird, siúcra reoáin is siúcra mín, agus faightear ó chána siúcra is biatas siúcra é. Tagann timpeall 17% den fhuinneamh i gcothuithe sa Domhan thiar ó shiúcrós. Glactar leis go forleathan go gclaonann ionghabháil farasbarr siúcra ag páiste chuig cáiréis i bhfiacla agus raimhre.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |