Planda ilbhliantúil atá dúchasach don Eoraip is an Áise is ea fothram.[1] Na gais cearnach i dtrasghearradh, folláin agus díreach in airde. Na duilleoga urchomhaireach fiaclach. An bláthra ard géagach. Na bláthanna le feadán beagnach sféarúil, scothghlas, 5 mhaothán beag, an dá cheann uachtaracha ag déanamh liopa scothdheirg/dhoinn, iad pailnithe ag foichí. An-chuid gnéithe cosúla sna creasa measartha freisin.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFothram
Scrophularia nodosa Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FineScrophulariaceae
GéineasScrophularia
SpeiceasScrophularia nodosa Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Scrophularia nodosa” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fothram". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 285.