Pónaire mhór
Is éard is pónaire mhór[1] ann ná planda cúplach bliantúil nó ilbhliantúil, dúchasach do na trópaicí i Meiriceá Theas. 3 dhuilleoigín ar na duilleoga. Na pisbhláthanna bán nó scothbhuí i gcrobhaingí fada ag teacht amach as ascaillí na nduilleog. Na cochaill suas le 12.5 cm ar fhad, dronuilleogach le 2-4 shíol leata scothbhán i ngach ceann. Tugtar pónaire lima uirthi freisin. Saothraítear go forleathan sna trópaicí is na fothrópaicí í ar son na síolta inite (na pónairí). Tá saghsanna saothraithe le síolta dearga, donna, corcra is dubha coitianta go leor.[2]
Phaseolus lunatus | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | pónaire mhór |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 71776946 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Fabales |
Fine | Fabaceae |
Treibh | Phaseoleae |
Géineas | Phaseolus |
Speiceas | Phaseolus lunatus L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): pónaire mhór” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-05.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pónaire mhór". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 533.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |