Daniel Everett

teangeolaí Meiriceánach

Údar agus acadóir Meiriceánach is ea Daniel Leonard Everett, a rugadh ar 26 Iúil 1951 in Holtville, California. Aithnítear é as a chuid taighde ar an bpobal Pirahã sa Bhrasaíl agus ar a dteanga.

Infotaula de personaDaniel Everett

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Iúil 1951
72 bliana d'aois
Holtville, California Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAindiachaí
Scoil a d'fhreastail sé/síMoody Bible Institute (en) Aistrigh
Ollscoil Campinas Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Comhairleoir dochtúireachtaCharlotte Chambelland Galves
Gníomhaíocht
Réimse oibrePirahã, gramadach ghiniúnach agus athchúrsáil
Gairmteangeolaí, scríbhneoir, múinteoir ollscoile, misinéir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Bentley
Ollscoil Stáit Illinois
Ollscoil Mhanchain
Ollscoil Pittsburgh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, Pirahã, an Phortaingéilis agus an Spáinnis
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaEdward Albert Fletcher Gibson

Suíomh gréasáindaneverettbooks.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: amazonrambler Cuir in eagar ar Wikidata

Déan Ealaíon agus Eolaíochta in Ollscoil Bentley in Waltham, Massachusetts atá ann ó 1 Iúil 2010 i leith. Roimhe sin, bhí sé ina chathaoirleach ar an Roinn Teangacha, Litríochtaí agus Cultúr in Ollscoil Stáit Illinois in Normal, Illinois. Bhí sé ina theagascóir freisin in Ollscoil Mhanchain i Sasana agus ina chathaoirleach ar Roinn na Teangeolaíochta in Ollscoil Pittsburgh. Tá sé pósta ar Linda Ann Everett.

Sa bhliain 2016 rinne Tom Wolfe leabhar dar theideal The Kingdom of Speech a fhoilsiú ina bpléann sé saothar ceathrar príomhphearsan i stair na heolaíochta a bhaineann leis an éabhlóid agus leis an teangeolaíocht. Is é Daniel Everett an ceathrú duine sa leabhar.[1] Tá Everett ag obair ar dhá leabhar anois, mar atá, Dark Matter of the Mind le teacht amach ag University of Chicago Press sa bhliain 2016, agus How Language Began, faoi chonradh le Liveright Publishers, le teacht amach sa bhliain 2017.

A Óige cuir in eagar

Tógadh Everett in Holtville, lámh le teorainn Mheicsiceo. Chaith a athair seal ina bhuachaill bó, ina mheicneoir agus ina oibrí tógála. D'oibrigh a mháthair mar fhreastalaí i mbialainn in Holtville. Sheinn Everett uirlisí ceoil i racbhannaí ó bhí sé 11 bliain d'aois gur chuaigh sé leis an gCríostaíocht in aois a 17ú bliana, é sin i ndiaidh casadh ar bheirt misinéirí darbh ainm Al agus Sue Graham in San Diego, California. Agus é 18 bliana d'aois phós a n-iníon Keren.

Tagairtí cuir in eagar

  1. An article, The Origins of Speech, was published in Harper's Magazine, presenting in advance the content of this book.

Naisc sheachtracha cuir in eagar