Declan Flynn

fear aerach Éireannach a dúnmharaíodh sa bliain 1982

Tharla Dúnmharú Declan Flynn ar 9 Meán Fómhair 1982, fear aerach tríocha bliain d’aois, Dúnmharaíodh é i bPáirc Fionnradhairc, Baile Átha Cliath. Ach pianbhreith ar fionraí a gearradh ar lucht a mharaithe. Dúirt David Norris faoin gcinneadh sin go bhféadfaí é a thuiscint mar ‘licence to kill’, go raibh saorchead acu marú.[1]

Infotaula de personaDeclan Flynn
Beathaisnéis
Breith1951
Bás9 Meán Fómhair 1982
30/31 bliana d'aois
Siocair bháisDúnmharú (Foréigean)

Find a Grave: 174900669 Cuir in eagar ar Wikidata

Dúnmharú cuir in eagar

Le linn an tsamhraidh  i 1982, buaileadh a lán fir aeracha agus déghnéasacha in ionsaithe homafóbacha i mBÁC.[2]

Ar 9 Meán Fómhair 1982, bhí Flynn amuigh ag siúl i bPáirc Fhionnradhairc, suíomh aitheanta crúsála i mBÁC ag an am. Chuaigh scuaine d’fhir óga sa tóir ar Flynn, fear a bhí aitheanta go maith ag pobal na haiteachta in Éirinn. Nuair a tháinig an dream ar Flynn, leadradh go dona é agus bhásaigh sé tamall ina dhiaidh sin.

David Norris, feachtasóir LADT
Conspóidː dealbh Seán Russell i bPáirc Fionnradhairc sa bhliain 2020, áit a dhúnmharaíodh Declan Flynn

Cás dlí cuir in eagar

D'ainneoin gur admhaigh beirt den chúigear ionsaitheoirí gur ionsaigh siad timpeall 20 duine LADT+ thar an tréimhse sé seachtaine, scaoileadh saor gach duine den chúigear agus gearradh pianbhreith ar fionraí orthu.[3] (Ag an am céanna, gearradh téarma príosúin 12 mhí ar fhear a ghoid sparán). Dúirt an breitheamh i gcás Flynn 'nach bhféadfaí é seo a mheas mar dhúnmharú riamh' (‘this could never be regarded as murder’) agus nach raibh ‘aon chineál pionóis’ (‘no element of correction’) ag teastáil maidir leis na fir.

Bhí an-imní ar dhaoine LADT+ faoin toradh. Níos déanaí d’eagraigh na dúnmharfóirí “…victory march in Fairview Park shouting “we are the champions”….” leis an gcás cúirte a cheiliúradh.

Mar thoradh ar an gcás, tharla an agóid ba mhó ar son cearta LADT+ go dtí sin. Dé Sathairn, 19 Márta 1983, tar éis an bhreithiúnais, chuaigh na céadta duine ar mhórshiúl ó Halla na Saoirse go Páirc Fhionnradhairc (áit ar maraíodh Flynn).[2]

Aighneas polaitiúil agus dlí cuir in eagar

Bhí stoirm pholaitíochta ann faoin dúnmharú. Bhí sé mar aidhm ag an feachtasóir, David Norris (a bhí tofa mar sheanadóir níos déanaí sa bhliain 1987) agus an t-abhcóide agus seanadóir Mary Robinson cosaint bhunreachtúil a bhaint amach do homaighnéasaigh na tíre ag breathnú go háirithe ar an bpríobháideachas ó na 1980í i leith.[4] Ach theip ar a gcás cúirte sa bhliain 1983 in aghaidh an stáit.  De réir mar a mhínigh an Príomh-Bhreitheamh Tom O'Higgins, “…on the grounds of the Christian nature of our state and on the grounds that the deliberate pratice of homosexuality is morally wrong…”[5].

Mar thoradh ar sin, dhírigh Norris agus Robinson, ar Éirinn a thabhairt go dtí an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine sa bhliain 1988. Ar an 26 Deireadh Fómhair 1988, sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg, sa chás NORRIS v. IRELAND, thug an chúirt breithiúnas cinniúnach i bhfabhar cearta daoine aeracha agus leispiacha.[6] D’aontaigh an CECD le Norris agus Robinson nuair a mhaígh siad nach raibh de cheart ag Éirinn dlíthe in aghaidh lucht LADT a chur i bhfeidhm.

Aisghaireadh na dlíthe a lochtaigh an breithiúnas cúig bliana ina dhiaidh sin in 1993.[7]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Eoin P. Ó Murchú (8 Deireadh Fómhair 2021). "Go raibh a thuilleadh seónna iontacha Gaeilge mar seo againn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  2. 2.0 2.1 Irish National Teachers Organisation / https://into.ie/+(2022).+"Bród agus an troid ar son cearta comhionanna". Dáta rochtana: 2022.
  3. B'ionann pianbhreith ar fionraí agus a rá nach mbeadh orthu dul isteach sa phríosún ach amháin dá ndéanfaidís rud éigin mícheart eile.
  4. Seán Mac Risteaird (28 Meitheamh 2018). "An pobal LADT+ faoi bhláth in Éirinn ach obair mhór fós le déanamh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  5. "Norris v. A.G., [1983 IESC 3 | Supreme Court of Ireland, Judgment, Law, casemine.com]" (en). https://www.casemine.com. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  6. human dignity trust. "Norris v. Ireland". Dáta rochtana: 2018.
  7. "Tugann an Seanadóir David Norris cuairt ar an gCartlann Náisiúnta chun taifid a bhaineann lena chás suntasach, David Norris V Éire, a fheiceáil ar taispeáint mar chuid de Sheachtain an Bhróid" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-06-26.