Iseatóp trom hidrigine ina bhfuil prótón is neodrón sa núicléas (mar mhalairt ar phrótón amháin, mar atá sa bhunhidrigin). Úsáidtear D nó 2H mar shiombail dó. Is deoitéiriam 0.015% den hidrigin nádúrtha. Tugtar uisce trom ar uisce atá déanta as (D2O), le dlús 1.1 g cm-3, agus úsáidtear é seo in imoibreoirí núicléacha áirithe. Tábhachtach i gcomhleá núicléach freisin.[1]

Deoitéiriam

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Deoitéiriam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 207.