Diarmaid Ó Súilleabháin

údar Éireannach

Scríbhneoir Gaeilge ba ea Diarmaid Ó Súilleabháin (29 Iúil 19325 Meitheamh 1985) a thug léargas ar shaol uirbeach a linne. Scríbhneoir cruthaitheach ba ea é, nuálaí ag an am.[1]

Infotaula de personaDiarmaid Ó Súilleabháin
Beathaisnéis
Breith1932
Bás5 Meitheamh 1985
52/53 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
An Muilleann, Baile Bhuirne

Saol cuir in eagar

Rugadh Diarmaid Ó Súilleabháin in aice leis na hAoraí i leithinis Bhéara, Contae Chorcaí. Bhí an Ghaeilge ag fáil bháis ina cheantar dúchais agus an Súilleabhánach óg. Ach mhúscail daoine a bhí páirteach i ngluaiseacht na Saoirse i mBéara a spéis sa teanga agus sa pholaitíocht. Bhí cúigear uncail dá chuid páirteach i gCogadh na Saoirse, agus ba phoblachtánach diongbháilte é Diarmaid ar feadh a shaoil.

Fuair sé a chuid meánscolaíochta i gColáiste Íosagáin, Baile Bhuirne agus chuaigh as sin go Coláiste Phádraig, Droim Chonrach chun oiliúint a fháil mar mhúinteoir bunscoile.

Bhí sé ag obair le daltaí bodhra i mBaile Átha Cliath ar feadh cúpla bliain tar éis dó cáiliú i 1951. Chaith sé dhá bhliain eile ag obair ina cheantar dúchais sula bhfuair sé post buan i Scoil na mBráithre i nGuaire. Phós sé Úna Ní Chléirigh as Contae na Mí i 1954 agus bhí cúigear clainne acu.

 

Bhí sé ina bhall gníomhach de Shinn Féin agus cuireadh i bpríosún é i 1972 de bharr óráidí a rinne sé ag tacú le feachtas na Sealadach i dtús na seachtóidí. Bhí sé ar Ard-Chomhairle Shinn Féin agus ina stiúrthóir poiblíochta ag gluaiseacht na poblachta.

Bhí sé mór leis an bpéintéir Paul Funge a bhunaigh an Gorey Arts Centre, agus ba ionad cruinnithe d'ealaíontóirí agus do scríbhneoirí a theach féin chomh maith.

Bhí an tsláinte go dona ag Diarmaid Ó Súilleabháin ó bhí sé ina fhear óg, agus d'éag sé ar an 5 Meitheamh 1985 in aois a 53 bliana.

 
Éigse Dhiarmuid Uí Súilleabháin[2]

Saothar cuir in eagar

 

Mar scríbhneoir atá iomrá anois leis. Bhí sé de chuspóir aige saol na cathrach a léiriú i nGaeilge, rud nach coitianta ag an am.[3]

Scríobh sé ocht leabhar do dhaoine fásta agus dhá cheann do dhéagóirí. Scríobh sé seacht ndráma gan foilsiú freisin. Toghadh é ina bhall den Irish Academy of Letters agus bhain sé Duais an Bhuitléaraigh agus duaiseanna Oireachtais.

Ba úrscéal do dhéagóirí an chéad leabhar dá chuid a cuireadh i gcló, Súil le Muir. Ba é Dianmhuilte Dé, a bhí suite ina cheantar dúchais le linn Chogadh na Saoirse, an chéad mhórshaothar dá chuid (1964).

Tá leabhar scríofa faoina shaothar liteartha ag Iarla Mac Aodha Bhuí: "Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis" a d'fhoilsigh an Clóchomhar i 1992.

Scríobh Seosamh Ó Murchú, atá anois ag obair mar Eagarthóir Sinsearach leis an nGúm, tráchtas ar shaothar Uí Shúilleabháin don MA sa Nua-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, Má Nuad, i lár na n-ochtóidí. [4]

Tá na seacht ndráma a scríobh sé gan foilsiú. In Halla Damer agus sa Phéacóg a léiríodh an chuid is mó díobh.[1]

Liosta leabhar cuir in eagar

Súil le Muir, Cló Mórainn, 1959 (do dhéagóirí)

Trá agus tuileadh, Sáirséal agus Dill, 1967 (do dhéagóirí)

Caoin tú féin, Sáirseál agus Dill, 1967

An uain bheo, Sárséal agus Dill, 1968

Muintir, Sáirséal agus Dill, 1970 (gearrscéalta)

Maeldún, Sáirséal agus Dill, 1972

Dianmhuilte Dé, Sáirseál agus Dill, 1973

Ciontach, Coiscéim 1983

Aistear, Coiscéim, 1983

Bealach Bó Finne, Coiscéim, 1988

Lá Breá Gréine Buí agus Oighear Geimhridh, Coiscéim 1994

Tá clár a shaothair in Iarla Mac Aodha Bhuí, Diarmaid Ó Súilleabháin: saothar próis, 1992. Tá léirmheas le fáil in Seán Ó Tuama, Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage, 1995

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Ó SÚILLEABHÁIN, Diarmaid (1932–1985)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-11-30.
  2. "Éigse Dhiarmuidin – Féile Amhránaíochta & Ceoil i gcuimhne Dhiarmuid Uí Shúilleabháin a reáchtáiltar gach bliain i Cúil Aodha and Baile Bhuirne, Gaeltacht Mhúscraí, Co. Chorcaí. [eolas@eigse.ie]" (ga-IE). Dáta rochtana: 2022-11-30.
  3. Zircon Publishing agus The Irish Times (1973). Who’s Who, What’s What and Where in Ireland. Geoffrey Chapman Publishers.
  4. cf. an réamhrá a scríobh Seosamh Ó Murchú, "Bealach Bó Finne", le Diarmaid Ó Suilleabháin, Coiscéim 1988