Suaitheadh sa bhfásra baictéarach i gcanáil an bhia is ea diosbóis (dysbiosis), a chuireann isteach ar fheidhmiú na putóige agus a chuireann tús le buinneach, mí-ionsú, nó fiú ionsú tocsainí ón bputóg le raon leathan siomptóm. Is dócha go bhfuil an riocht seo an-choitianta, gur féidir go mbaineann sí le 50% den phobal am éigin. Mar chóiréail air, is gá an cothú a mhionathrú chun bac a chur le fás orgánach paitigineach agus an phutóg a athchoilíniú le baictéir fhabhracha, a fhaightear ó bhianna próibhitheacha, cosúil le Lactobacillus acidophilus.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Diosbóis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 213.