Domhnach na Fola
Go ginearálta, úsáidtear an téarma Domhnach na Fola le cur síos a dhéanamh ar eachtra a tharla ar an Domhnach ar ndóigh ina doirteadh fuil. Tarlaíonn siad, de ghnáth, nuair atá agóid nó sléacht de shaghas éigin i rith amanta trioblóideacha, mar shampla Cogadh na Saoirse in Éirinn nó na hagóidí i 1905 sa Rúis.
Ina measc tá:
- Domhnach na Fola (1887) 13 Samhain, i Londain nuair a bhí agóid agus foréigean sa chathair, in aghaidh comhéigean in Éirinn agus chun saoirse William O'Brien a bhaint amach.
- Domhnach na Fola (1900) 18 Feabhra lá le a lán taismí i rith Dhara Cogadh na mBórach.
- Sléacht Dhomhnach na Fola (1905) 22 Eanáir, ina maraíodh na mílte sa Rúis tar éis agóid i lár Chathair Pheadar.
- Domhnach na Fola (1913) 31 Lúnasa foréigean i mBaile Átha Cliath de bharr an Fhrithdhúnaidh.
- Domhnach na Fola (1916) 5 Samhain, foréigean i Everett, Washington idir IWW, baill cheardchumainn, agus na póilíní.
- Domhnach na Fola (1920), 21 Samhain, foréigean a mBaile Átha Cliath i rith Chogadh na Saoirse in Éirinn.
- Domhnach na Fola (1939) 3 Meán Fómhair, tharla sléacht sa bhaile Bydgoszcz sa Pholainn i ndiaidh ionradh na nGearmánach ag tús an Dara Cogadh Domhanda.
- Domhnach na Fola (1965) 7 Márta nuair a bhris foréigean amach ar mháirseáil i gcomhair saoirse shibhialta in Alabama.
- Domhnach na Fola (1972) 30 Eanáir Bhris foréigean amach i nDoire nuair a d'ionsaigh Airm na Breataine agóid sa chathair.