Eoghanacht Ghleanndamhnach
Géag na nEoghanacht, ríthe na Mumhan le linn na 5ú-10ú haoiseanna, ab ea an Eóganacht Ghleanndamhnach. Ainmnithe as Gleanndamhnach (Gleannúir, Contae Chorcaí) a bhí siad. De shliocht Aonghusa mhic Nadh Fraoigh, an chéad rí Críostaí na Mumhan, ab ea iad, trína mhac Eochaidh mac Aonghasa agus a gharmhac, Criomhthann Sreamh mac Eochada.
Measadh gur bhall de chiorcal istigh na nEoghanacht ab ea an Eoghanacht Ghleanndamhnach, i dteannta leis an Eoghanacht Chaisil agus an Eoghanacht Áine. Dháileadh na trí ghéag seo ríogacht na Mumhan eatarthu sa 7ú agus formhór den 8ú haoiseanna.
De réir rollaí na ríthe don 6ú haois, thagadh gach rí as an ngéag Gleanndamhnach. Dóibh siúd bunaithe ar na Sioncronachtaí Laud, ámh, is dócha go bhfuil claonadh ann, óir gur scríobhadh iad i Mainistir Chluana, Contae Chorcaí, i lár na 8ú haoise, mainistir a bhíodh ag taibhiú leis an ngéag Gleanndamhnach.
Fuair rí deireanach na géaga Gleanndamhnaigh sa bhliain 821. Níos deireanaí, tháinig an chlann Uí Chaoimh i gceannas
Seo a leanas ríthe Caisil agus na Mumhan de chuid na hEoghanachta Gleanndamhnaigh:
- Coirpre Cromm mac Crimthainn, bás 577
- Cathal mac Áedo, bás 627
- Cathal Cú-cen-máthair, bás 665
- Finguine mac Cathail, bás 696
- Ailill mac Cathail, bás 701
- Cathal mac Finguine, bás 742
- Artrí mac Cathail, bás 821
Foinsí
cuir in eagar- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Ireland's History in Maps le Dennis Walsh