Eibhlín Nic Niocaill
Gníomhaí ar son na Gaeilge agus ball de Chonradh na Gaeilge ab ea Eibhlín Nic Niocaill (Béarla: Eveleen Constance Nicolls; 22 Deireadh Fómhair 1884 – 13 Lúnasa 1909).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Deireadh Fómhair 1884 Baile Átha Cliath |
Bás | 13 Lúnasa 1909 24 bliana d'aois Na Blascaodaí |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Luathshaol
cuir in eagarRugadh Eveleen Constance Nicolls i mBaile Átha Cliath ar 22 Deireadh Fómhair 1884. Ba í an t-aon iníon amháin ag Archibald J. Nicolls (1845–1924) agus Mary (1853–1938). Bhí a hathair ina abhcóide agus ina rúnaí ar Bhord Chiste Iasachta na hÉireann. Bhí ceathrar deartháireacha aici, Arthur, Jasper, George agus Edward.[2]
Cé go raibh post rialtais ag a hathair, bhí tuairimí náisiúnacha ag an teaghlach agus ba chainteoirí Gaeilge iad. Bhí a deartháir George ina Theachta Dála de chuid Sinn Féin ó 1921 go 1927. Faoi dhaonáireamh 1901, bhí Eibhlín agus George (Seoirse) ag baint úsáid as ainmneacha Gaeilge.[1]
D’fhreastail sí ar Chlochar Loreto, Ráth Maonais agus ansin ar Chlochar Loreto, Faiche Stiabhna, áit ar éirigh go breá léi, go háirithe i dteangacha. Bhain sí an chéad duais amach sa Ghaeilge, sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis, agus rinne sí cúrsaí de chuid Ollscoil Ríoga na hÉireann i gColáiste Loreto.
Bhíodh sí i gcónaí ar bharr a ranga sa choláiste, agus bhuaigh sí roinnt taispeántas. Nuair a bhain sí BA amach sa bhliain 1906, bhí sí sa chéad áit ar fud na hÉireann agus bhuaigh sí scoláireacht Steward. Bronnadh scoláireacht taistil £300 uirthi chun MA a bhaint amach, ag chuaigh sí go dtí an Ghearmáin agus Páras, ag déanamh staidéir ar an tSean-Ghaeilge faoi Marie Henri d'Arbois de Jubainville. Nuair a bhí sí i bPáras, thug sí léachtaí in Ollscoil Pháras agus rinne sí atheagrú ar chraobh Pháras de Chonradh na Gaeilge.[1]
Nuair a d’fhill sí ar Éirinn bhí sí ina ball suntasach de Chonradh na Gaeilge. Chuaigh sí isteach i gcraobh na gCúig gCúigí, thug sí léachtaí, agus d'eagraigh sí an Ard-Fheis sa bhliain 1909. Ina cuid scríbhinní do nuachtán an Chonartha, An Claidheamh Soluis, cheangail sí athbheochan na Gaeilge le gluaiseacht an neamhspleáchais agus le cearta na mban chomh maith. Ba luathfheimineach í Nic Niocaill, ag scríobh don iris Bean na hÉireann. Bhí sí ina ball de ghrúpa mór cairde, Pádraig Mac Piarais agus Mary E.L. Butler ina measc.[1]
Bás
cuir in eagarChuaigh sí ar camchuairt i nGaeltacht dheisceart Chiarraí in éineacht le Butler i samhradh na bliana 1909. Sna samhraí roimhe sin, thug sí cuairt ar Oileáin Árann, ag cur snasa ar a cuid Gaeilge. D’fhill Butler abhaile tar éis seachtain sa Daingean, agus chuaigh Nic Niocaill ar aghaidh go Ceann Trá, áit a ndearna sí cairdeas le James Cousins. Rinne Cousins cur síos uirthi mar “ard, maorga: mánlacht is cneastacht ina mbeatha, mánlacht gan maoithneachas inti, agus cneastacht bunaithe ar chinnteacht agus ar chrógacht.” Ar 13 Iúil 1909, shroich sí an Blascaod Mór, ag fanacht i dteach Phádraig Uí Chatháin ar a dtugtaí “an Rí”. Faoi dhraíocht ag an oileán, bheartaigh sí ar chuairt fhada. Le linn di a bheith ann, thosaigh sí ag múineadh an tsnámha do chailíní na n-oileán.[1] Ar an Aoine 13 Lúnasa, bhí sí ag múineadh an tsnámha d’iníon Thomáis Uí Chriomhthain, Cáit. Cé go raibh siad i ngar don gcladach, chuaigh sí féin agus Cáit i dtrioblóid. Rinne deartháir Cáit, Dónal, iarracht an bheirt acu a shábháil. Tháinig fear áitiúil eile darb ainm Peats Tom Ó Cearnaigh i gcabhair orthu, ach níor éirigh leo ach Cáit a shábháil. Bádh Nic Niocaill agus Dónal.[3][4]
Bhí an pobal faoi scamall bróin ag a bás, go háitiúil agus go náisiúnta freisin. Bhí sí go díreach tofa do choiste feidhmiúcháin Chonradh na Gaeilge, an duine ab óige a toghadh don phost sin. Bhí sochraid i nDún Chaoin, agus ina dhiaidh sin, aistríodh a corp ar thraein ón Daingean go Baile Átha Cliath, áit a raibh na mílte ag fanacht leis. Chuaigh an slua lena corp go Reilig Ghlas Naíon lena adhlacadh. Scríobh Joseph Holloway, an dialannaí, nach raibh sochraid níos sollúnta riamh ann. Scríobh Pádraig Mac Piarais gurbh í Nic Niocaill an bhean “most nobly planned” de na mná go léir a raibh aithne aige orthu in alt sa Freeman’s Journal ar 16 Lúnasa.
Rinne Conradh na Gaeilge cur síos ar Nic Niocaill mar laoch as Cáit a shábháil. Dhíoladar portráidí di ag cruinnithe, agus thug siad an t-airgead a bailíodh do chlann Uí Chriomhthain. Díoladh 300 pictiúr faoi Iúil 1910, agus bailíodh breis is £21. Ag cruinniú ar 9 Meán Fómhair 1909, cruinníodh £49 do scoláireacht, i gcuimhne uirthi, chun cailín a chur chun na Gaeltachta, agus chun dealbh nó plaic tiomnaithe do Nic Niocaill a chur suas. Sna sé mhí ina dhiaidh sin, bailíodh £100 ach níor tháinig na pleananna i gcrích. Scríobh Katharine Tynan, Padraic Colum, agus James Cousins adhmholtaí uirthi.[1]
Spreag na himeachtaí ar lá báis Nic Niocaill an leabhar A Dark Day on the Blaskets le Mícheál Ó Dubhshláine,[5] chomh maith leis an dráma Snámh na Saoirse le Róisín Sheehy.[6][7]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 Hourican, Bridget (2009). "Dictionary of Irish Biography". Cambridge: Cambridge University Press.
- ↑ Breathnach. “NIC NIOCAILL, Eibhlín (1884–1909)” (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 10 Márta 2020.
- ↑ "Blasket tragedy recalled" (en). The Kerryman (12 Lúnasa 2009). Dáta rochtana: 10 Márta 2020.
- ↑ Hayes (2015). "The last blasket king : Pádraig Ó Catháin, An Rí". The Collins Press.
- ↑ "Lost in the mists of time" (en). The Irish Times (31 Iúil 2004). Dáta rochtana: 10 Márta 2020.
- ↑ “Guest speaker - Róisín Sheehy” (en). University College Cork. Dáta rochtana: 10 Márta 2020.
- ↑ “Snámh na Saoirse”. www.irishplayography.com. Dáta rochtana: 10 Márta 2020.