Leathán piorra-chruthach loingeáin shnáithínigh leaistigh, leathan ar an taobh uachtarach (a luíonn díreach taobh thiar den teanga), caol ag a íochtar (mar a gceanglaíonn le cúl an loingeáin thíoróidigh), agus cumhdaithe ar a dhá dhromchla le scannán múcasach. Cuimsíonn an dromchla cúil blaslóga is faireoga múcasacha. Gluaiseann sé nuair a shlogann duine siar, agus cumhdaíonn cuid d'oscailt na larainge. Sa chuid is mó de na mamaigh, síneann sé os cionn an choguais agus isteach i bhfaraing na sróine, ionas go mbíonn sí seo leanúnach leis an laraing, ag ligean don riospráid dul ar aghaidh le linn slogtha.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtEipeaglotas
Sonraí
Laidinepiglottis
Cuid delaraing
Aitheantóirí
MeSHD004825
TAA06.2.07.001
FMA55130 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1567
EB Onlinescience/epiglottis
Téarmaíocht anatamaíoch