Eipeatacsacht léis mhóilínigh
Is éard is eipeatacsacht léis mhóilínigh[1] ann ná bealach chun scannáin thanaí chriostalta a tháirgeadh inar féidir comhdhéanamh an scannáin a stiúradh go cúramach. Braitheann an próiseas ar oiread ar leith foinsí téite, gach ceann as dúil dhifriúil. Tagann léas adamh ó gach foinse trí sheomra folúsaithe chun imbhualadh le targaid criostalta. Stiúrtar comhdhéanamh cruinn na gcisil adamh a thógtar ar an gcriostal trí theochtaí na bhfoinsí is córas comhlaí ar rianta na léis adamh a rialú. Leis an bhfearas seo, is féidir feistí nua leathsheoltóra a dhéanamh, cosúil le hoptaic iomlánaithe agus feistí chun taighde a dhéanamh ar iarmhairt chandamach Hall.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““molecular beam epitaxy” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-04.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eipeatacsacht léis mhóilínigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 244.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |