Iarmhairt chandamach Hall
Céimeanna rialta sa tseoltacht in iarmhairt Hall ag teochtaí ísle faoi réimsí diana maighnéadacha i gcás leictreon atá faoi iallach gluaiseacht i bplána, mar a tharlaíonn i réigiún an chomhchumair i bhfeistí leathsheoltacha sileacan ocsaíde miotail. Bhraith Klaus von Klitzing is daoine eile den chéad uair í i 1980. Tarlaíonn sí de bharr gluaiseacht chandamach fhithiseach na leictreon sa réimse maighnéadach. Bíonn luachanna ag an tseoltacht ar iolraithe slánuimhreacha (e2/h) iad (is é e lucht an leictreoin, agus h tairiseach Planck). I 1982 d'fhionn Horst Störmer is Daniel Tsui iarmhairt chodánach Hall, inar féidir go mbeidh luachanna codánacha áirithe iolruithe (e2/h) sa tseoltacht. Mhínigh Robert Laughlin gur tharla sé seo de bharr saghas nua cuasacháithnín, cumtha as leictreoin is guairneáin mhicreascópacha mhaighnéadacha. Déanann na cuasacháithníní seo leacht candamach, agus feictear iarmhairtí comhchosúla i héiliam leachtach agus forsheoltóirí. Roinn Störmer, Tsui is Laughlin Duais Nobel na Fisice i 1998 as seo.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt chandamach Hall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 339.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |