Klaus von Klitzing
fisiceoir Gearmánach
Fisiceoir a rugadh i Środa na Polainne (Schroda na Gearmáine ag an am) ar an 28 Meitheamh 1943 is ea Klaus von Klitzing. Sa bhliain 1977 d'fhoilsigh sé páipéar ag cur síos ar iompar leictreonach déthoiseach ina raibh iarmhairt chandamach Hall léirithe, ach níor thuig sé féin ná daoine eile a thábhacht seo. I 1980 a thuig sé féin an tábhacht iomlán. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic as an bhfionnachtain i 1985.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Klaus von Klitzing". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 386.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin Pholainn é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |