Is éard atá i gceist leis na heolaíochtaí bitheacha[1] ná disciplíní ar leith a saothraíodh chun staidéar a dhéanamh ar orgánaigh is córais bheo. Eolaíocht bhitheach bhunúsach is ea an tacsanomaíocht, tuairisciú, ainmniú is rangú na n-orgánach beo, a dhéanann iarracht ord a chruthú as éagsúlacht an Domhain nádúrtha. Sa bhithgheografaíocht, déantar staidéar ar dháileadh na n-orgánach ar fud an Domhain. Pléann eolaíochtaí éagsúla le conas a fheidhmíonn orgánaigh ar leith. Déantar na próisis cheimiceacha a tharlaíonn i gcórais bheo a anailísiú ina n-iomláine sa bhithcheimic, nó ar leibhéal na móilíní móra orgánacha, cosúil leis na próitéiní is na haigéid núicléasacha sa bhitheolaíocht mhóilíneach. Gnéithe feidhmiúla na gcóras beo a bhíonn idir lámha sa bhfiseolaíocht is an bhithfhisic, agus go minic fo-roinntear iad i ndisciplíní cosúil le hincríneolaíocht (staidéar ar tháirgeadh is gníomhaíochtaí na hormón) is néarfiseolaíocht (staidéar ar fheidhmiú an néarchórais). Tugtar eiteolaíocht ar staidéar comparáideach ar iompair ainmhithe. Cuimsíonn an ghéinitic dúchas is claochluithe géiniteacha, agus na meicníochtaí is bun leo. Idirghníomhuithe idir orgánaigh is a gcomhshaol a bhíonn á n-anailísiú san éiceolaíocht. Tá speisialtachtaí ar leith a phléann le gach príomhghrúpa orgánach: baictéareolaíocht, víreolaíocht (víris), luibheolaíocht, míoleolaíocht (ainmhithe), míceolaíocht (fungais), seadeolaíocht (seadáin), heilminteolaíocht (péisteanna seadánacha), éaneolaíocht, feithideolaíocht, iasceolaíocht, bitheolaíocht mhuirí (orgánaigh a mhaireann sa bhfarraige), seandálaíocht (iontaisí), is a lán eile.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “bioscience” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-31.
  2. Hussey, Matt (2011). "Eolaíochtaí bitheacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 248.