Féithleog
Ball de ghné mhór plandaí a chuimsíonn na toim, agus roinnt bheag cineálacha dreapairí adhmadacha le gais fhéithleannacha, duillsilteach nó síorghlas. Dúchasach don leathsféar thuaidh, agus fástar go forleathan mar mhaisiúchán í. Na duilleoga urchomhaireach, baill an phéire nasctha timpeall ar an ngas go minic. Na bláthanna déliopach, go minic cumhra, in ascaillí na mbláthanna. Na caora dearg, gorm nó dubh. Pailníonn leamhain an fhéithleog choitianta (an féithleann) is iad ag eitilt istoíche, agus táirgeann sí seo boladh cumhra san oíche.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Féithleog". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 263.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |