Fínicín

ainm coitianta ar ghrúpa seilidí

Is seilide muirí le blaosc shnasta mhín é fínicín (Béarla: cowrie), go minic le patrúin chasta, cumhdaithe den chuid is mó le maotháin fallainge. Úsáidtear mar mhaisiúchán é, fiú mar airgead reatha, in oileáin áirithe san Aigéan Ciúin. Sna trópaicí den chuid is mó, ag maireachtáil ar sceireacha coiréalacha.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFínicín
Cypraeidae Cuir in eagar ar Wikidata

Cypraea talpa Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeGastropoda
OrdLittorinimorpha
ForfhineCypraeoidea
FineCypraeidae Cuir in eagar ar Wikidata
Rafinesque, 1815
Radagraf a thaispeánann an taobh istigh d'fhínicín

Is baill den fhine Cypraeidae an chuid is mó de na fínicíní, cé go n-úsáidtear an t-ainm ar roinnt speiceas den ghéineas Trivia freisin, mar shampla an fínicín Eorpach, Trivia monacha.[1]

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an bhfínicín ina leabhar clúiteach Cladaí Chonamara:

Dá mhéad í an trá ní furasta na fínicíní a fheiceáil sa gcladach. Is cosúil gur amuigh ar an domhan a chónaíos siad. Ach is féidir roinnt de na sliogáin fholmha a fháil i mbarr an tsnáithe mara, mar ruaigeann an t-oibriú isteach iad nuair a bhíos an aimsir ina círéibeacha sa ngeimhreadh. Is an-deas na sliogáin iad. Ní bhíonn aon mhéid mhór iontu, ach tá déanamh aisteach orthu. An áit a bhfuil an béal tá an dá shliogán cúbtha isteach agus mar a bheadh scair acu ar a chéile, ach go bhfuil scoilteadh an-chúng ina chineál bealach isteach eatarthu. Timpeall le chomh mór le hubh dhreoilín a bhíos siad, nó b'fhéidir beagán níos mó. Ach is é an déanamh deas agus an dath álainn a mheallas an tsúil... Níl mórán acu le fáil i dtránna Chonamara.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fínicín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 268.
  2. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.