Fadradharc
Locht ar an radharc ina bhfócasaíonn gathanna eisréimneacha solais ó fhrithne atá chomh fada amach leis an ngarphointe coitianta (250 mm) chun tosaigh ón reitine sa tsúil, in ionad ar an reitine féin. Tugtar hipirmeatróipe air freisin. Bíonn garphointe na súile sin níos faide amach ná is gnáth. Ní fheiceann an tsúil sin go soiléir frithne atá níos gaire ná a garphointe. Chun an locht seo a cheartú, ní mór lionsa inréimnithe a chur sna spéaclaí.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fadradharc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 252.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |