Aon cheall a shlogann agus, de ghnáth, a dhíleánn páirteagail, miocrorgánaigh (baictéir) nó cealla dochracha. Is fagaisítí an-chuid de na hainmhithe aoncheallacha. In ainmhithe ilcheallacha, feidhmíonn fagaisítí mar chosantóirí is glantóirí. I ndaoine is mamaigh eile, faightear sa bhfuil iad (na neodraifilí, na basaifilí, is na monaicítí), fíocháin tacaíochta, agus an córas líontán intéiliach (na macrafagaigh).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fagaisít". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 252.