Faireog inchríneach
Is éard is faireog inchríneach[1] ann ná faireog gan duchtanna, i láthair i gcuid de na hinveirteabraigh (moilisc is artrapóid áirithe) agus na veirteabraigh uile, a shintéisíonn is a thálann ceimiceáin teachtaire (hormóin) isteach in imshruthú na fola nó sa limfe le hiompar do na sprioc-chealla. Sna veirteabraigh, déanann siad príomhchóras cumarsáide (an córas inchríneach) a rialaíonn is a chomhordaíonn feidhmeanna na colainne, i gcomhar leis an néarchóras.
Sonraí | |
---|---|
Laidin | glandulae endocrinae |
Cuid de | córas inchríneach |
Aitheantóirí | |
MeSH | D004702 |
TA | A11.0.00.000 |
TH | H2.00.02.0.03072 |
FMA | 9602 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Cuimsíonn an córas seo an fhaireog phiotútach, an fhaireog thíoróideach, an fhaireog pharaitíoróideach, an fhaireog aidréineach (osduánach), an paincréas (insíní Langerhans), agus na gónaid.
Tá fíocháin is orgáin eile a bhfuil feidhmeanna faireogacha acu freisin: an hipeatalamas, na duáin, an chonair ghastraistéigeach, an tímeas, an ball pinéalach.
Tá cuid mhaith neamhord is féidir tarlú i bhfaireoga a chuireann isteach ar fhás is forbairt, meitibileacht is atáirgeadh. Tugtar inchríneolaíocht ar an staidéar ar struchtúr, feidhmeanna is galair na bhfaireog inchríneach.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““faireog inchríneach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-11.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Faireoga inchríneacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 253.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |