Is orgán speisialaithe í an fhaireog thímis sa chóras imdhíonachta i veirteabraigh, a luíonn sa chuid uachtarach den chliabhrach i mamaigh gar do na fuileadáin mhóra is an croí. Braitheann a chruth is a mhéid ar na struchtúir mórthimpeall air. I ndaoine, athraíonn a mhéid go mór ó dhuine go duine comhaoiseach. Ag breith an linbh bíonn meáchan timpeall 13 g aige, fásann sin go leanúnach go dtí timpeall 37 g ag teacht in oirbheart, agus cúlaíonn go mall leanúnach ina dhiaidh sin. De réir dealraimh, tá baint dhlúth aige le cealla an chórais imdhíonaigh. Is gá é don leanbh nuabheirthe d'fhorbairt fíocháin liomfóidigh is inniúlachta imdhíonaí. Sa duine fásta baineann sé le táirgeadh limficítí, cuid díobh a tháltar isteach in imshruthú na fola, ach an chuid is mó a mhilltear taobh istigh den fhaireog féin. Go luath i saol duine, déanann cealla réamhtheachtacha imirce ó smior na gcnámh isteach sa tímeas, áit a n-aibíonn siad ina T-limficítí (T-chealla) a mbíonn dualgas orthu maidir le himdhíonacht na gceall.[1]

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtFaireog thímis
Sonraí
Laidinthymus
Aitheantóirí
MeSHD013950
TAA13.1.02.001
FMA9607 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1273
EB Onlinescience/thymus
Téarmaíocht anatamaíoch

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tímeas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 661.