Feidhm oibre
An t-íosluach fuinnimh is gá a sholáthar chun leictreon a eastóscadh ó mhiotal soladach. Is tomhas í ar cé chomh docht is a bhíonn na leictreoin greamaithe i ndromchla an mhiotail. Bíonn a luach sainiúil ag gach miotal. Mar shampla, is í feidhm oibre copair ná 4.4 eV. Úsáidtear an tsiombail Φ di, agus is i leictreonvóltaí (eV) a thomhaistear í seachas giúil.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Feidhm oibre". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 259.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |