Felix von Luckner

seoltóir Gearmánach
(Athsheolta ó Felix Graf Von Luckner)

Ba bhall d'aicme uasal na Gearmáine é Felix Nikolaus Alexander Georg Graf von Luckner (saolaíodh i nDresden, 9 Meitheamh 1881; fuair bás i Malmö, an tSualainn, 13 Aibreán 1966. Bhí sé ina oifigeach cabhlaigh, údar agus mairnéalach aithnidiúil agus bhain sé an leasainm 'Der Seeteufel' (An Deamhan Mara) amach dó féin—agus dá chriú an leasainm Die Piraten des Kaisers (Foghlaithe mara an Impire)—le haghaidh na n-éachtaí ina raibh baint aige leo agus é i bhfeighil ar an long seoil tráchtála, an SMS Seeadler (Iolar na Mara) i 1916–-1917.

Infotaula de personaFelix von Luckner

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Meitheamh 1881
Dresden, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Aibreán 1966
84 bliana d'aois
Malmö, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ohlsdorf Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht
Gairmscríbhneoir, saighdiúir, oifigeach míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm mhíleata
Brainse míleataCabhlach Impireacht na Gearmáine
Céim mhíleatalieutenant commander (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Eile
Teideal uasalCunta Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHeinrich, Graf von Luckner  agus Marie Lüdicke
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 22038 Cuir in eagar ar Wikidata

D'ainmnigh dhá thaobh an choinbhleachta é ina ghaiscíoch agus laoch, toisc go raibh sé ina nós aige an cogadh a stiúradh go rathúil gan taismigh.

Ba sin-garmhac é de Nicolas Luckner, Marascal na Fraince agus ardcheannasaí ar Arm na Fraince ar an Réin, a ardaíodh ina chunta ag Rí na Danmhairge sa 18ú haois.

Phósadh faoi dhó é, an chéad uair le Petra (née Schultz) agus bhí iníon acu darbh ainm Inge-Maria, a saolaíodh i 1913, agus sa dara dul síos phós sé Ingeborg (née Engeström), arbh as Malmö na Sualainne di.

Luathshaol cuir in eagar

An chéad turas cuir in eagar

In aois a trí déag, d'éalaigh Luckner i bhfad ó bhaile chun seó faoi ré na mbuachaillí bó is na nIndiach Meiriceánach, Buffalo Bill's Wild West Show, a fheiscint. Liostáil sé, faoi ainm bréige "Phylax Lüdecke", mar bhuachaill cábáin neamhíoctha ar an long seolta Rúiseach Niobe, a bhí ag taisteal idir Hamburg (sa Ghearmáin) agus an Astráil.

Thuit Luckner thar bord i lár an aigéin, áfach, agus bhí drugall ar chaptaen Rúiseach na loinge an long a aisiompú chun é a shábháil. Bhí ar phríomh-máta na loinge brú ar an chaptaen Luckner a shábháil agus é ag díriú harpúin go díreach ar chroí an chaptaein. Scinn albatras ollmhór anuas chun lámh Luckner a urghabháil ina ghob ach bhí sé in ann greim a fhail ar chos an éin. Cé gur ghortaíodh an éan é le linn an eachtra, chuaigh an clampar, idir greadú na sciathán ollmhór agus bailiú na n-éan eile timpeall air, chun tairbhe dó mar bhí sé níos éasca teacht air san fharraige.

Il-saothraí cuir in eagar

Tar éis do Luckner Fremantle, in Iarthar na hÁstraile, a shroichint, d'éalaigh sé ón phost a bhí aige ar an long agus chaith sé roinnt bliana ag obair anseo is ansiúd: dhíol sé an War Cry i gcóir an Salvation Army, ba choimeádaí cúnta teach solais é (go dtí gur chuireadh an ruaig air tar éis a bheith aimsithe ag choimeádaí óstáin i leaba lena iníon!) sealgaire cangarú, oibrí sorcais, dornálaí proifisiúnta toisc a neart eisceachtúil, iascaire, mairnéalach, garda an Uachtaráin Diaz in arm Mheicisceo, oibrí tógála iarnróid, fear beáir, coimeádaí tábhairne. Bhí sé ar fiannas le hArm na Sile, ar feadh tamaill ghearr, cúisithe as muca a ghoid, d'fhulaing a ghlúine a bheith briste faoi dhó, agus caite as otharlann in Iamáice mar nach raibh a dhóthain airgid aige. Ba draíodóir tréitheach freisin é Luckner- chuir Kaiser Wilhelm an-suim sna cleasanna a bhí aige agus is minic a bhfuair sé cuireadh teacht ar bord loinge chun sult agus siamsa a sholáthair do na daoine uaisle agus mór le rá a bhéas ar luamh an Impire.

Ar ais sa Ghearmáin cuir in eagar

In aois a fiche is a dó chuaigh sé isteach i scoil traenála, an Scoil Mhairneálachta i Luebeck, mar bhí fonn air an scrúdú le bheith in a mháta a bhaint amach. Ar dheireadh nuair a bhí am na scrúdaithe ann, tháinig sineál imní air i ndiaidh an iomlán. An scrúdú ar pháipéar, bhí sé ar siúl go ceann sé lá, agus ina dhiaidh sin thosaigh an scrúdú béil. Nuair a bhí gach rud curtha thart aige, tháinig an stiúrthóir, chraith sé lámh leis agus dúirt sé " A Fhelix, tá an scrúdú i do phóca agat." Sa bhliain 1908, d'fhostaigh an comhlacht Hamburg-Deisceart-Meiriceá (Hamburg-Südamerikanisch Line) ar bord an Petropolis, mar oifigeach faire é. Nuair a bhí trí seachtainí curtha thart aige in a oifigeach faire thug an long an fharraige mhór uirthi féin agus síos an Elbe leo. Chaith sé trí ráithe ar an bPetropolis go dtí go raibh sé réidh le haghaidh seirbhíse na haon bhliana amháin a chaitheamh i gCabhlacht na hImpire agus coimisiún a bhaint amach. Ní raibh fonn air dul abhaile chuig a mhuinntir go dtí gur bhain sé gairm fhiúntach bheatha amach agus éadaí an Impire á gcaitheamh aige go honórach. D'fhill sé faoi dheireadh ar Halle an der Saale a bhaile dúchais agus é ina leifenent ar farraige agus bhuail sé leis a athair, mháthair agus a ghaolta go léir.

An Chéad Chogadh Domhanda cuir in eagar

 
SMS Seeadler le Christopher Rave

Turas an Seeadler cuir in eagar

An ruagaire cuir in eagar

 
Brat chogaidh an Seeadler

Ag déanamh na bhfolachán cuir in eagar

Éalú cuir in eagar

Saol iarchogaidh cuir in eagar

Leabharliosta cuir in eagar

  • Bade, James, N. Von Luckner: A Reassessment. Count Felix von Luckner in New Zealand and the South Pacific. 1917-1919-and 1938. Peter Lang GMBH, Frankfurt am Main, 2004.
  • Bromby, Robin, German Raiders of the South Seas, Doubleday. Sydney and Auckland. 1985.
  • Cowan, James, "The Pirate of the Pacific: German Naval Officer's daring Escape from his Prison Island and Recapture in Mid-Ocean," The Wide World Magazine, July 1918. pp. 253-260.
  • Davis, E. H. "The Man Who Met Von Luckner: True Story Of An Encounter With The Seeadler", The World News, 25 June 1938, pp. 7 and 40-41.
  • Frankenstein, Norbert von, "Seeteufel" Felix Graf Luckner: Wahrheit und Legende, Hamburg, SSC-Verlag 1997.
  • Fraser, Eleanor, "Count Felix von Luckner and the ' Pinmore', Sea Breezes 66, 1992, pp. 772-776.
  • Gardiner, Robert (editorial director), Conway's All the World's Fighting Ships 1906-1921. Conway Maritime Press, London 1985.
  • Henry, Howard, "The Sea Devil came Calling" --- Count von Luckner and his visit to Aitutaki: August/September 1917. Sovereign Pacific Publishing Company, Auckland, 2001.
  • Hoyt, E. P. Sea Eagle (alternative title: Count von Luckner: Knight of the Sea) David McKay Co Inc, New York, NY, 1969.
  • Luckner, Felix von, Seeteufel erobert Amerika, Koehler & Amelang, Leipzig, 1928
  • Luckner, Felix von, Aus dem Leben des 'Seeteufels' , edited by Wolfgang Seilkopf, Mitteldeutscher Verlag, Halle. 2000.
  • Luckner, Felix von, Ein Freibeuterleben, Woldni & Lindeke, Dresden, 1938.
  • Luckner, Felix von, Out of an Old Sea Chest, trans. by Edward Fitzgerald, Methuen, Londain, 1958.
  • Luckner, Felix von, Seeteufel: Abenteuer aus meinem Leben, Koehler, Berlin and Leipzig, 1926. (first published 1921)
  • Luckner, Felix von, Seeteufels Weltfahrt: Alte und neue Abenteuer, Bertelsmann (Gutersloh) 1951.
  • McGill, David, Island of Secrets: Matiu/Somes Island in Wellington Harbour, Steele Roberts & Silver Owl Press, Wellington, 2001.
  • Newbolt, Henry, History of the Great War Based on Official Documents: Naval Operations, Vol IV, Longmans Green and Co, London. 1928.
  • Pardoe, Blaine The Cruise of the Sea Eagle: The Amazing True Story of Imperial Germany's Gentleman Pirate The Lyons Press, 2005, ISBN 1-59228-694-1.
  • Ruffell, W. "The Search for Von Luckner, Part 1", The Volunteers: New Zealand Military Historical Journal, Vol.5, no.5, pp.14-20.
  • Ruhen, Carl, The Sea Devil: the Controversial Cruise of the Nazi Emissary von Luckner to Australia and New Zealand in 1938. Kangaroo Press, Kenthurst, 1988.
  • Schmalenbach, Paul German raiders: A history of auxiliary cruisers of the German Navy, 1895-1945 Naval Institute Press, 1979, ISBN 0-87021-824-7.
  • Thomas, Lowell, The Sea Devil. The story of C. Felix v. Luckner, the German war raider. New York: Doubleday, Page & Company,1927; London: William Heinemann 1927.
  • Tichener, Paul, The Von Luckner Incident, Lodestar Press, Auckland, 1978.
  • Walter, John, The Kaiser's Pirates, German Surface Raiders in World War One, Arms and Armour Press, London, 1994.
  • Yarwood, Vaughan, The History Makers: Adventures in New Zealand Biography. Random House New Zealand. Auckland, 2002.

Naisc sheachtracha cuir in eagar