Tugtar gabhar fiafiaghabhar ar ghabhar (Capra hircusCapra aegagrus hircus) tar éis dó a bheith fréamhaithe san fhiántas. Faightear fiaghabhair i go leor áiteanna ar fud an domhain: an Astráil, an Nua-Shéalainn, Éire, an Bhreatain Mhór, Haváí, an Bhrasaíl, Hondúras, an Liobáin, Panama, Madagascar, Oileáin Chomóra, Oileán Mhuirís, agus an Nua-Ghuine ina measc.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGabhar fia
Capra hircus Cuir in eagar ar Wikidata

Fiaghabhar i nGleann dá Loch
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdArtiodactyla
FineBovidae
GéineasCapra
SpeiceasCapra hircus Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Capra aegagrus hircus Cuir in eagar ar Wikidata

Tugadh fiaghabhair go hÉirinn breis is 4000 bliain ó shin chun leas a bhaint as a gcuid feola, bainne, agus gruaige. Faightear iad go hiondúil i réigiúin shléibhtiúla agus níl aon chreachadóirí aitheanta acu, ní fiú daoine.[1] Tá fiaghabhair coitianta i go leor ceantar ar chósta thiar na hÉireann, i Maigh Eo, Dún na nGall, agus Ciarraí mar shampla. Tá thart ar 5,000 fiaghabhar in Éirinn, agus cé nach bhfuil siad cosanta go foirmiúil, is minic a dhéanann daoine neamhaird orthu agus ní sheilgtear iad de ghnáth. Déanann siad dochar do speicis dhúchasacha toisc go n-itheann siad féar, toir, agus crainn óga, ach níl aon phlean ann faoi láthair fáil réidh leo.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. The Feral Goats of Corrán Tuathail... -” (en-US). www.kerryclimbing.ie (6 June 2011). Dáta rochtana: 17 February 2020.
  2. The feral goat ought to be cherished” (en). www.irishexaminer.com (6 November 2006). Dáta rochtana: 17 February 2020.