Ceimiceán a chuirtear le peitreal chun an dóchán a fheabhsú is cnagadh a sheachaint san inneall. Sampla is ea teitreitil luaidhe, ach tá deireadh á chur léi seo de réir a chéile mar gheall ar an mbaol sláinte a bhaineann leis an luaidhe sa sceithghás a ligtear saor sa chomhshaol.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Frithchnagach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 289.