Frog caol atá dúchasach do Mheiriceá Láir is Theas is ea an frog saigheadnimhe.[1] Gealdaite go minic. Áitríonn sé coillearnach. Beireann sé uibheacha ar an talamh, agus iompraíonn na froig fhásta na torbáin go dtí an t-uisce. An craiceann an-nimhiúil. Cuimlíonn na bundúchasaigh a reanna saighde le craiceann froig bheo chun iad a nimhiú le haghaidh seilge. Tá roinnt buaf i Meiriceá Theas freisin a dtugtar buafa saigheadnimhe orthu.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFrog saigheadnimhe
Dendrobatidae Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAmphibia
OrdAnura
ForfhineDendrobatoidea
FineDendrobatidae Cuir in eagar ar Wikidata
Cope, 1865
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. “frog saigheadnimhe” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-07.
  2. Hussey, Matt (2011). "Frog saigheadnimhe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 291.