Cód géiniteach iomlán an duine. Leagan amach na ngéinte ar gach ceann de na 46 crómasóm daonna. Foilsithe den chéad uair sna hirisí údarásacha Nature (Nádúr) na Breataine agus Science (Eolaíocht) na Stát Aontaithe i 2001. Déanta amach ag foirne comhoibritheacha ar fud an Domhain, cuid acu maoinithe go poiblí ag rialtais sé thír i Scéim an Ghéanóim Dhaonna, agus foireann de chuid comhlacht Celera Genomics, maoinithe go príobháideach.

An cód iomlán den chéad míle géin a threoraíonn an neach daonna. Tá na géinte seo suite go randamach ar feadh timpeall cúpla méadar de na móilíní déhéilicse DNA atá lúbtha ar a chéile arís is arís eile i gcrómasóim gach cille sa cholainn dhaonna, ach na cealla dearga fola. Sa scéim, aimsíodh gach géin díobh seo, a seoladh ar na crómasóim, a comhdhéanamh bithcheimiceach, na díseanna núicléitídí, agus a n-ord sa ghéin. Suas le 3,000 milliún díseanna núicléitídí atá i gceist. De réir torthaí na scéime, níl aon chiall ná cúis fhollasach le timpeall 97% den chód, nach bhfuil ann ach sraitheanna athráite nó raiméis.

Níl an oiread géinte ag an duine is a mheastaí: níl ach idir 30,000-40,000 géin ann, bíodh is go meastaí go raibh timpeall 100,000. Mar chomparáid, tá 13,000 géin ag an gcuileog. Maidir leis an aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (DNA) daonna, an móilín a iompraíonn an cód, níl ach 0.2% de dhifríocht idir daoine, agus 4% de dhifríocht idir daoine is simpeansaithe, na mamaigh is gaire gaolmhaire dúinn.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Géanóm daonna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 310.