Géinitíopa
Is é is géinitíopa ann ná na géinte a bhíonn ag ball amháin ar leith de chineál orgánach. Úsáidtear an téarma do líon iomlán na ngéinte, nó na géinte ar leith ag lócais shonraithe sa chrómasóm. Táirgeann idirghníomhú tháirgí na ngéinte sin (RNA, próitéiní) le chéile agus leis an gcomhshaol uile ina bhfásann an t-orgánach an feinitíopa, an raon tréithe a bhíonn le brath.

An gaol idir géinitíopa agus feinitíopa á léiriú le cearnóg Punnett, agus dath na bpeiteal ar phlandaí piseanna mar eiseamláir. Seasann na litreacha B agus b do na géinte i gcomhair dhath agus taispeánann na pictiúir na bláthanna a thagann mar thoradh orthu.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |