Gaistrin
Hormón, ar peiptíd é, a tháltar sa ghoile mar fhreagairt ar phróitéin a bheith i láthair sa phíolóras agus méadú i minicíocht dhíluchtú na néaróige vagasaí. Spreagann sí cealla pairiatacha an ghoile chun aigéad hidreaclórach a thál trí hiostaimín a fhuascailt ó chealla (hiostaimínicítí) gar dóibh. Tá sí i láthair sa dúidéineam, an fhaireog phiotútach, agus an inchinn (áit ar féidir go bhfeidhmíonn sí mar néaratharchuradóir).[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gaistrin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 300.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |