Tugtar galar ceirde ar ghalar a tholgtar de bharr coinníollacha oibre. Tarlaíonn siad de bharr coinníollacha an-bhaolacha, agus is féidir leo cur isteach ar gach orgán is ball den cholainn. Ar eolas leis na cianta. D'éiríodh gaibhne bodhar mar thoradh ar thorann na ceártan. D'fhaigheadh órthóirí is haitéirí nimhiú mearcair as í a láimhseáil agus a gal a ionanálú. Ó thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch, méadaíodh go mór ar na galair mar seo: deirmitíteas de thoradh ceimiceán is líocha a thagann i dteagmháil leis an gcraiceann; láimhsiú nó ionanálú múiche d'ábhair thocsaineacha mar luaidhe, fosfar, comhdhúile mearcair is deannach silice (mar shampla, niúmacanóis, aispeastóis, sileacóis); nochtadh d'ábhair radaighníomhacha is radaíochtaí inianaíocha le leoicéime nó ailsí eile mar thoradh; ionfhabhtuithe d'oibreoirí in ospidéil; oibreoirí a dhéanann a gcuid oibre faoi aerbhrú neamhchoitianta a fhaigheann arraingeacha díbhrú nó aereambalacht, agus a lán eile. Tá dlíthe coisctheacha in an-chuid tíortha, agus gníomhaireachtaí údaraithe chun na dlíthe sin a chur i bhfeidhm. Tugtar míochaine thionsclaíoch ar an tsaincheird a bhaineann leis na galair seo.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarGalair cheirde
Cineálgalar agus galair a bhaineann le hobair Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
MeSHD009784 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0028797 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Galair cheirde". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 300.