Geoiméadracht ailgéabrach

Staidéar ar gheoiméadracht trí mheán an ailgéabair. Ar dtús ba staidéar ar chuair is dromchlaí trína gcothromóidí ailgéabracha é, agus níor ghá úsáid a bhaint as calcalas, i gcodarsnacht le geoiméadracht dhifreálach. Tháinig an t-ábhar le bheith ina fhochuid de gheoiméadracht theilgeach, agus nuair a tugadh uimhreacha coimpléascacha isteach sa 19ú céad d'éirigh le Riemann is Poincaré dlúthcheangail a aimsiú idir geoiméadracht ailgéabrach is teoiric na bhfeidhmeanna coimpléascacha. Sa 20ú céad d'éirigh le Oscar Zariski an t-ábhar a fhorbairt le hailgéabar nua-aoiseach agus a ghinearálú le feidhmiú i bhfad níos leithne. Rinne Alexandre Grothendieck tuilleadh forbairtí trí choincheapa suntasacha geoiméadracha a thabhairt isteach i dteoiric ailgéabrach uimhreacha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Geoiméadracht ailgéabrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 313.