Geoiméadracht anailíseach
Iarracht fadhbanna geoiméadracha a réiteach trí chomhordanáidí a dháileadh ar gach pointe. Tugtar geoiméadracht Chairtéiseach nó geoiméadracht chomhordanáideach uirthi freisin. Maidir leis an bplána, is é an córas is coitianta ná dhá ais ingearacha, ionas gur féidir gach pointe a lua mar phéire uimhreacha (x, y). I ngeoiméadracht thríthoiseach, trírín uimhreacha a úsáidtear (x, y, z). Tá córais comhordanáidí eile ann a bhíonn áisiúil i gcásanna, mar shampla, comhordanáidí polacha d'fhadhbanna a bhaineann le feiniméin thríthoiseacha, eagraithe timpeall lárphointe. Luaitear Descartes mar cheapadóir an chórais seo, bíodh is gur bhain Apallóinias feidhm as aiseanna ina staidéar ar chónghearrthaí.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Geoiméadracht anailíseach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 313.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |