Geoiméadrachtaí neamh-Eoiclídeacha
Is éard atá i gceist le geoiméadrachtaí neamh-Eoiclídeacha ná geoiméadrachtaí a saothraíodh ón 18ú céad anuas, bunaithe ar 5ú aicsím Eoiclídéis a thréigean ar bhealaí éagsúla. Ba í an aicsím sin nach féidir ach líne dhíreach amháin a tharraingt trí phointe ar leith atá comhthreomhar le líne dhíreach ar leith. Mar shampla, má ghlactar mar aicsím nua ina hionad sin gur féidir níos mó ná líne dhíreach amháin a tharraingt trí phointe ar leith atá comhthreomhar le líne dhíreach ar leith, forbraítear geoiméadrachtaí hipearbóileacha, mar atá déanta ag Gauß is Lobachevsky. Ba í seo an chéad gheoiméadracht fhisiciúil shochreidte mar mhalairt ar gheoiméadracht Eoiclídéis. Mar shampla eile, má ghlactar mar aiscím eile nach féidir aon líne dhíreach a tharraingt trí phointe ar leith atá comhthreomhar le líne dhíreach ar leith, forbraítear geoiméadracht éilipseach, agus rinne Riemann obair bhunúsach ar an gcoincheap teibí seo. Tá geoiméadrachtaí neamh-Eoiclídéacha teibí eile á saothrú freisin.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Geoiméadrachtaí neamh-Eoiclídéacha (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 314.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |