George Hoyt Whipple
Paiteolaí a saolaíodh in Ashland, New Hampshire ab ea George Hoyt Whipple (28 Lúnasa 1878 - 1 Feabhra 1976). Rinne sé taighde ar bhunús na hanaemachta marfaí. Le George Minot is William Murphy, bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1934 as a shaothar chun cóireáil rathúil ar an ngalar marfach seo a fhionnadh.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "George Hoyt Whipple". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 704.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |